Briege Corkery

imreoir camógaíochta

Rugadh Briege Corkery i gCloch Dhubh, Corcaigh i Mí na Nollaig 1986. Tá 4 dheartháir agus 4 dheirfiúir aici.

Infotaula de personaBriege Corkery
Beathaisnéis
Breith16 Nollaig 1986
37 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcamogie player (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtcamógaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Nuair a bhí Briege measartha óg thósaigh sí ag imirt peil agus camógaíocht agus chuir a chuid tuismitheoirí brú uirthi ó bhí sí measartha óg le bheith ag traenáil mar is ceart. Bhí Briege i gcónaí iontach láidir agus aclaí agus d'aithnigh daoine seo ón aois óg. Thosaigh sí ag imirt camógaíocht don Chloch Dubh agus peil do chumann peile Naomh Val.

An Pheil cuir in eagar

Chuaigh Briege ag imirt le Corcaigh sa pheil agus sa chamógaíocht i 2004 nuair a bhí sí 20 bliain d'aois. Bhí sí ag imirt go maith an bhliain uilig sa pheil agus ansin d'imir sí go hiontach i gCluiche Ceannais na hÉireann agus mar gheall ar sin bhain Breige agus Corcaigh craobh na hÉireann an bhliain sin. Ba é sin an chéad Chraobh na hÉireann a bhain sí ach bhí go leor eile le teacht. Bhain Breige agus Corcaigh Craobh na hÉireann arís i 2006,07,08,09. Ach i 2010 mar go raibh Corcaigh ag bualadh an các as foirne sna blianta roimhe sin ní raibh orthu imirt go dtí an chluiche Ceathrú Ceannais agus bhí siad ag imirt in éadan Tír Eoghain ach chuaigh gach rud go mícheart. Chaill siad agus bhí siad amuigh. D'fhoghlaim Breige agus Corcaigh ceacht an lá sin. Na smaoinigh go bhfuil cluiche ar bith bainte go dtí go n-imríonn tú an chluiche. Chuaigh Breige ar aghaidh le cúig chraobh na hÉireann eile a bhaint i ndiaidh a chéile. Bhain sí deich All Star sa pheil agus bhí sí agus fuair sí imreoir na bliana 4 uair.

An Chamógaíocht cuir in eagar

Mar an gcéanna leis an pheil sí iontach maith agus d'aithnigh daoine sin. I 2005 d'imir sí ina chéad chluiche ceannais na hÉireann sa chamógaíocht. D'imir sí go hiontach maith agus bhain Corcaigh an chéad craobh na hÉireann i dtamall fada. Bhí sé i bhfad níos deacra craobh chamógaíochta a fháil na craobh pheil na mban ag an am sin mar bhí i bhfad níos mó foirne láidir ann sa chamógaíocht. Bhain siad arís i 2006 ach ansin chaill siad in éadan TIPP i 2007 agus cuireadh amach iad. Ach tháinig siad ar ais i 2008 agus bhuail siad Gailimh, is cluiche iontach maith a bhí ann ach bhain Corcaigh sa deireadh le 7 bpointe. Chuaigh Breige ar aghaidh le bheith mar cheann de na himireoirí is fearr riamh ag na cluichí gaelacha. Idir an pheil agus an iomáint bhain Breige 18 craobh na héireann agus bhain sí 15 All Star.