Is é is buachaill ann ná duine óg a iompóidh ina fhear nuair a thiocfaidh sé i mbun a mhéide, i gcontrárthacht le cailín nó girseach, a iompóidh ina bean.

Ceathrar buachaill

Tugtar "garsún", "gasúr" nó "stócach" ar an mbuachaill freisin.

Sa Ghaeilge, tá brí eile leis an bhfocal "buachaill": is "buachaill" é an duine fásta freisin atá ag tabhairt aire do na hainmhithe agus iad amuigh ag iníor. Deirtear, ansin, gur ag buachailleacht na n-ainmhithe atá sé.

Is deacair a rá cathain a iompóidh an buachaill ina fhear, ach is é an caithreachas an chéad chéim sa treo sin, gan amhras. Is féidir glacadh leis go dtiocfaidh an gnáthbhuachaill chun caithreachais timpeall aois a dhá bhliain déag.