Tugann na ceimiceoirí bun ar na comhdhúile ceimiceacha atá in ann na haigéid a mhaolú is a neodrú. An chomhdhúil ar féidir léi páirt an bhuin a dhéanamh sna himoibriúcháin cheimiceacha, deirtear go bhfuil sí bunata. Sa chiall is bunúsaí, is bun í an chomhdhúil ar féidir léi an t-ian hidrigine H+ a ghlacadh chuici ón aigéad sa tuaslagán uisce. Tá an tuiscint seo bunaithe ar theoiric Brønsted agus Lowry faoi na bunanna agus na haigéid, ach is féidir an coincheap a chiallú ar dhóigheanna eile fós. De réir theoiric Arrhenius, is ionann bun agus comhdhúil atá in ann iain hiodrocsaíde OH- a chruthú sa tuaslagán uisce. Ón taobh eile de, tugann teoiric Lewis bun ar an móilín nó ar an adamh a bhfuil leictreondís shaor aige, ionas gur féidir leis nasc ceimiceach a cheangal d'adamh, d'ian nó de mhóilín eile a bhfuil leictreondís de dhíth air.