Imreoir rugbaí proifisiúnta is ea Bundee Aki (a rugadh ar an 7 Aibreán 1990), ar dhuine de phríomhimreoirí na hÉireann sna 2020idí.[1] Is Nua-Shéalannach é, de bhunús Shamó, a imríonn i lár na páirce.

Infotaula de personaBundee Aki

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Aibreán 1990
34 bliana d'aois
Ōtāhuhu, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Auckland
Manurewa High School (en) Aistrigh
Truro and Penwith College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan102 kg
Airde178 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir rugbaí Cuir in eagar ar Wikidata
SpórtRugbaí Aontais Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCentre (en) Aistrigh
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Rugbaí ó Cúige Chonnacht
2017– Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: bundeeaki Cuir in eagar ar Wikidata
2023
Italia vs Éire, 2023, Aki ar dheis
2023

Gairm cuir in eagar

Bhí ról lárnach ag Bundee Aki i mbua Chúige Chonnacht sa PRO12 an séasúr 2015/2016, agus é ainmnithe mar Imreoir na Bliana sa chomórtas céanna.[2] I mí na Nollag 2015, scóráil Aki an t-úd a chinntigh bua stairiúil na gConnachtach i bPáirc Thuamhan Thar aon imreoir. eile, b’fhéidir, b'é Aki is mó a léirigh an t-athrú a tháinig ar Chonnachta sna 2010idí.[3]

D'fhógair Cúige Chonnacht in 2016 go raibh conradh trí bhliain eile sínithe ag Bundee Aki.

Ar an 26 Deireadh Fómhair 2017, bhí Bundee Aki ainmnithe i scuad rugbaí na hÉireann den chéad uair ag Joe Schmidt. Cé gur rugadh Aki, san Nua-Shéalainn, bhí sé cáilithe chun imirt d’fhoireann na hÉireann tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag imirt i nGaillimh.[4] Bíonn roinnt conspóide i gcónaí ann faoi na rialacha a cheadaíonn d’imreoirí nach de bhunadh na hÉireann iad imirt don fhoireann náisiúnta rugbaí, ach is cosúil gur níos Gaelaí ná na Gaeil féin a bhí Bundee Aki i Staid Twickenham Lá Fhéile Pádraig 2018, nuair a bhailigh foireann na hÉireann le chéile i lár pháirc Twickenham chun an ‘Grand Slam’ a cheiliúradh.[5]

Ag Craobh Rugbaí an Domhain in 2023, bhí Bundee Aki ar an liosta den cheathrar imreoirí ab fhearr a d’imir sa gcomórtas (cé gur buadh ar Éirinn i mbabhta ceathrú ceannais).

Shaothraigh Bundee Aki cuid mhaith níos fearr ná aon imreoir eile i gCraobh na Sé Náisiún sa bhliain 2024.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tommy Bowe, Johnny Sexton, Simon Zebo, Rob Kearney,

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (24 Márta 2024). "Bhogfadh Bundee Aki do chroí agus tá na barróga tuillte aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  2. Pádraic Ó Ciardha (25 Deireadh Fómhair 2016). "Aki agus Dillane ag fanacht ar an mBóthar Beag ar feadh cúpla bliain eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  3. Pádraic Ó Ciardha (2 Nollaig 2015). "Scéalta spóirt: Cuma na maitheasa ar Aki, Towell agus Raonaithe na Croise…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  4. Pádraic Ó Ciardha (26 Deireadh Fómhair 2017). "Aki istigh ach Zebo fágtha ar lár ag Schmidt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  5. "Níos Gaelaí ná na Gaeil féin! As Gaeilge a bhí ceiliúradh Twickenham…a bhuíochas de Bundee Aki" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-03-28). Dáta rochtana: 2024-03-24.

.