Is é atá i mBunreacht na hÚcráine (Úcráinis: Конституція України) ná dlí bunúsach an náisiúin. Glacadh agus daingníodh leis an mBunreacht ag 5ú seisiún Verkhovna Rada na hÚcráine (Верховна Рада України) (an pharlaimint) an 28 Meitheamh 1996. Ritheadh an bunreacht le 315 vóta dearfach as 450 vóta san iomlán (as íosmhéid de 300).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBunreacht na hÚcráine
Íomhá
Map
Cineálbunreacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht28 Meitheamh 1996 - 
FógairtVerkhovna Rada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Seánralitríocht reiligiúnach Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLzakon2.rada.gov.ua… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: verkhovna.rada.constitution Cuir in eagar ar Wikidata

Ní mór go mbeidh dlíthe eile agus gníomhartha dlíthiúla normatacha eile na hÚcráine ag cloí leis an mbunreacht. Dílsítear an ceart chun an bunreacht a leasú trí nós imeachta reachtaíochta speisialta don pharlaimint amháin. Is í Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine an t-aon chomhlacht ar féidir an bunreacht a léiriú agus ar féidir cinneadh a dhéanamh ar cé acu an bhfuil reachtaíocht ag cloí leis, nó nach bhfuil.

Stair cuir in eagar

Go dtí an 8 Meitheamh 1995, bhí Bunreacht (Dlí Bunúsach) PSS na hÚcráine (a glacadh sa bhliain 1978 agus a leasaíodh go hiomadúil ina dhiaidh sin) ina dhlí uachtarach san Úcráin. Shínigh Uachtarán Leonid Kuchma agus Ceann Comhairle Oleksandr Moroz (ag gníomhú dó ar son na parlaiminte) an Comhaontú Bunreachtúil an 8 Meitheamh 1995 le haghaidh na tréimhse go dtí gur féidir Bunreacht nua a dhréachtú.

Glacadh leis an gcéad bhunreacht ó neamhspleáchas le linn seisiúin pharlaiminte thar oíche an 27 Meitheamh-28 Meitheamh 1996, ar a dtugtar "oíche bhunreachtúil na bliana 1996" go neamhoifigiúil. Síníodh agus fógraíodh Dlí Uimh. 254/96-BP maidir leis an mbunreacht a dhaingniú agus iarbhunreachtanna a chur ar neamhní agus an Comhaontú go searmanach i lár Mheithimh 1996. De réir rialú Chúirt Bhunreachtúil na hÚcráine, áfach, tháinig an Bunreacht i bhfeidhm ag an nóiméad inar fógraíodh vóta na parlaiminte an 28 Meitheamh 1996, ag timpeall is 09.00 am áitiúil Chív.

Struchtúr cuir in eagar

Roinntear Bunreacht na hÚcráine ina 15 chaibidil:

  1. Prionsabail Ghinearálta
  2. Cearta, Saoirsí agus Dualgais an Duine agus na Saoránach
  3. Toghcháin. Reifrinn
  4. Verkhovna Rada na hÚcráine
  5. Uachtarán na hÚcráine
  6. Comh-Aireacht na nAirí den Úcráin. Comhlachtaí Eile den Chumhacht Feidhmiúcháin
  7. Prokuratura
  8. Ceart
  9. Struchtúr Críche na hÚcráine
  10. Poblacht Féinrialaitheach na Crimé
  11. Féinrialtas Áitiúil
  12. Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine
  13. Leasuithe a Thabhairt Isteach do Bhunreacht na hÚcráine
  14. Forálacha Deiridh
  15. Forálacha Idirthréimhseacha

Leasuithe cuir in eagar

De réir Chaibidil XIII: Ní féidir Bunreacht na hÚcráine a leasú ach le toiliú dhá thrian ar a laghad de bhallraíocht bhunreachtúil Verkhovna Rada na hÚcráine. Ina theannta sin, ní féidir parlaimint na hÚcráine leasuithe ar Chaibidil I — "Prionsabail Ghinearálta," Caibidil III — "Toghcháin. Reifreann," agus Caibidil XIII — "Leasuithe a Thabhairt Isteach do Bhunreacht na hÚcráine," a thabhairt isteach gan faomhadh a fháil ó reifreann uile-Úcráineach a shainíonn Uachtarán na hÚcráine.

Leasuithe 2004 - 2010 cuir in eagar

Rith an pharlaimint Dlí Uimh. 2222-IV á leasú an bhunreachta an 8 Nollaig 2004. Glacadh leis an ndlí le tromlach de 90 faoin gcéad (402 vóta dearfach, 21 vóta diúltach, agus 19 staonadh; 300 vóta dearfach ag teastáil) go comhuaineach le bearta reachtaíochta eile a bhí dírithe ar ghéarchéim thoghchán uachtaránachta na bliana 2004 a réiteach. Shínigh Uachtarán Leonid Kuchma a bhí ag dul as oifig beagnach láithreach boinn é i seomra na parlaiminte agus fógraíodh ar an lá céanna é.

Ritheadh leasuithe bunreachtúla na bliana 2004 sa Pharlaimint le comhairliúchán agus plé teoranta idir na fórsaí polaitíochta, i gcomhthéacs na Réabhlóide Oráiste. Tarraingíodh léirmheas orthu ó roinnt comhlachtaí inmheánacha (páirtithe polaitíochta na hÚcráin) agus eachtracha (Comhairle na hEorpa, Parlaimint na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise).

Bhí sé ceaptha go rachadh formhór na leasuithe i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2005, ar choinníoll go rithfeadh sraith leasuithe ag athchóiriú féinrialtais áitiúil faoin dáta sin. Os rud é nár cuireadh athchóiriú an fhéinrialtais i bhfeidhm, tháinig na leasuithe i bhfeidhm go neamhchoinníollach an 1 Eanáir 2006. Tháinig na leasuithe eile i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2006 agus an parlaimint nua tagtha le chéile i ndiaidh thoghcháin na bliana 2006.

Chuir Cúirt Bhunreachtúil na hÚcráine leasuithe na bliana 2004 ar ceal an 1 Deireadh Fómhair 2010, á mheas gur leasuithe neamhbhunreachtúla a bhí ann.