Gearrtar an cháin charbóin ar bhreoslaí astaithe carbóin mar ghual, móin, ola agus gás nádúrtha.[1] An prionsabal atá ann ná an "truaillitheoir a íocann"; tá costas a bhaineann le carbóin nach bhfuil corpraithe sa phróiseas cinnteoireachta den tosca eacnamaíoch. Mar sin, bheadh gá le hidirghabháil chun iompraíochtaí a chur chun cinn chun na seachtrachtaí diúltacha a dhíspreagadh.[2]

2017 sna S-A
2017

An cháin charbóin in Éirinn cuir in eagar

Sa bhliain 2020, thug an Rialtas an cháin charbóin isteach ionas go spreagfar muid chun astuithe dé-ocsaíd charbóin a laghdú.[3] Ghlac sé leis an bprionsabal an "truaillitheoir a íocann"; gheall Clár an Rialtais "sin á dhéanamh againn, díreoimid aon arduithe cánach ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha..." (is é sin truailliú).[4]

Mhéadaigh an cháin de €7.50 go €56 in aghaidh an tonna CO2 i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair 2023. Mar sin in 2024, tháinig ardú ar an méid atá le híoc, €122 an mheáncháin charbóin ar bhillí bliantúla gáis (bunaithe ar 11,000 cileavatuair an teaghlach ar an meán).[5] Cuireann an cháin seo thart ar €19 le dabhach (tank) ola theasa baile 900-lítear freisin (€140 i gcáin charbóin san iomlán).

Cur in aghaidh cuir in eagar

Cuireadh ina choinne go tréan.[6][7] Ach in ainneoin mhíshásamh an phobail, threabh an Railtas ar aghaidh.

Sa bhliain 2019, mhínigh na taighdeoirí ag an ESRI go gcaitheann na teaghlaigh is boichte céatadán níos mó dá n-ioncam ar fhuinneamh, agus dá bharr sin ar cháin charbóin, ná mar a dhéanann teaghlaigh atá níos fearr as.[8]

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ag an am ag moladh cainteanna le ceannairí an fhreasúra chun teacht ar chomhpholasaí faoina dtabharfaí isteach cáin charbóin mar aon le cúiteamh a dheimhneodh gur athrú nósanna seachas laghdú ar ioncam a d’fheicfí dá bharr.[9] An scéim chúitimh de chineál éigin molta ag an Taoiseach, sin an gnáth-leas sóisialta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. extrag.ie (2024-05-02). "Beidh na teaghlaigh bhochta thíos leis leis an 'carbon tax'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-05-07.
  2. (economic) externality i mBéarla
  3. Houses of the Oireachtas (2024-03-26). "Climate | Focus on the carbon tax – 26 Mar 2024, 15.00 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.
  4. Nuacht RTÉ (2019-10-09). ""Beart suntasach atá sa cháin charbóin"" (as ga). 
  5. RTÉ News / Joe Mag Raollaigh (2024-05-01). "Consumers to pay more for fuels as carbon tax increases" (as en). 
  6. Eoin Ó Murchú (27 Meán Fómhair 2021). "Géarchéim fuinnimh an toradh a bheidh ar cháin charbóin na nGlasach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  7. Eoin Ó Murchú (10 Eanáir 2022). "Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.
  8. "D’fhéadfadh cáin charbóin astaíochtaí a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-06-06). Dáta rochtana: 2024-05-07.
  9. Cathal Mac Coille (10 Eanáir 2019). "Cáin charbóin nó cur i gcéill?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-07.