Saghas bia Éireannaigh is ea cál ceannann a dhéantar le brúitín, cál (nó cabáiste), im, salann agus piobar de ghnáth, ach is féidir comhábhair eile a úsáid ar nós bainne, uachtar, cainneann, oinniún, síobhas agus gairleog.[1] Bia folláin atá ann nach gcosnaíonn mórán agus a itear ar feadh na bliana go léir.

Bosca Sonraí BiaCál ceannann
Bunús
Tír dhúchaisÉire
Sonraí
Cineálmias phrátaí
Príomh-chomhábhairbrúitín, cál, im agus bainne

Traidisiún amháin in Éirinn a bhaineann leis an gcál ceannann ná boinn airgid a fholmhú sa bhia um Shamhna.

Oideas cuir in eagar

Na hÁbhair:

  • 500 gr. cabáiste, (gearrtha ina phíosaí.)
  • cileagram amháin de phrátaí,
  • dhá chainneann,
  • cupán de bhainne úr,
  • salann agus piobar,
  • 25 gr. im.

Déan an cabáiste agus na prátaí a bheiriú i sáspain ar leith go mbíonn siad go breá bog. Brúigh na prátaí agus an cabáiste. Cuir an dá chainneann agus an bainne isteach i saspán mór agus déan iad a bheiriú ar feadh 8-10 nóiméad nó go mbíonn na glasraí go breá bog. Cuir na prátaí bruite, an cabáiste bruite agus an t-im isteach sa sáspan seo agus brúigh na habhair go léir le chéile. Cuir an cál ceannann isteach i mbabhlá mór agus bain sásamh as.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “cál ceannann” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-23.

Naisc sheachtracha cuir in eagar