Ilchéachta a dearadh san Astráil i 1881 le níos mó ná deimheas amháin. Feidhmíonn na deimhis neamhspleách ar a chéile, agus is féidir talamh le stocáin is clocha móra a shaothrú leis. Bristear is milltear gnáthchéachta i gcoinníollacha mar sin. Baineadh feidhm as an gcéachta seo chun na tailte eocalaipe in oirdheisceart na hAstráile a oscailt is a shaothrú.[1]

Céachta léime stocán

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Céachta léime stocán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 122.