Is bia déanta de taos milis a fhuintear é císte. Déantar plúr, uibheacha, siúcra agus comhábhair eile a mheascadh le chéile chun císte a dhéanamh. Cuirtear an taos i mias nó soitheach eile agus cuirtear in oigheann é chun é a fhuineadh. Athraítear cumadh agus uigeacht an bhia fad is atá sé san oigheann.

Bosca Sonraí BiaCíste
Sonraí
Cineáltorta (en) Aistrigh, bánh (en) Aistrigh agus bakers' confection (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairsiúcra, plúr, bainne agus ubh
Císte le cisil lán le subh, sútha craobha agus gruth líomóidí, agus clúdaithe le im-uachtar
Císte

Maisítear an císte le rudaí éagsúla ar nós uachtar buailte, subh, siúcra, seacláid, torthaí, milseáin, cnónna agus ábhair eile nach iad.

Cultúr cuir in eagar

Itear cístí de ghnáth mar mhilseog nó mar scroid fad is atá tae, caife á ól. Gearrtar an císte agus tugtar míreanna de do dhaoine le n-ithe.

Itear iad chun imeachtaí a cheiliúradh ar nós laethanta breithe, bainis nó chun lá áirithe a chomóradh. Go minic scríobhtar teachtaireacht ar an gcíste do dhuine áirithe.

Más ceiliúradh áirithe é, cuirtear coinnle ar lasadh ar mhullach an chíste agus tugtar cuireadh do dhuine faoi leith iad a mhúchadh le séid mhór.

Tagairtí cuir in eagar