Cógas ar bronnadh paitinn air is ea cógas paiteanta (Béarlaː patent medicine), nó a gcuireann an déantóir a ainm air ag rá go bhfuil ceart toirmeascach díolta aige.

Edmonds Historical Museum, Washington.

Stair cuir in eagar

Thosaigh cógais phaiteanta le Reacht na Monaplachtaí i Sasana i 1624, a thug monaplacht chosanta díolta ar feadh 14 bliain ar chógas brandáilte. Bhí cead ag déantóirí na gcógas seo comhábhair rúnda a chur iontu go dtí 1941 nuair a chuir an tAcht Cógaisíochta is Cógas iachall orthu na comhábhair a nochtadh ar chúiseanna sábháilteachta.

D'fhás díol na gcógas paiteanta go mór san 18ú céad, agus bhí siad an-choitianta i Meiriceá. I 1796 fuair Samuel Óg Lee an chéad phaitinn ar chógas sna Stáit Aontaithe, piollaí domlais, agus faoi 1804 bhí níos mó ná 80 cógas paiteanta á ndíol trí fhógraíocht, paimfléidí is taistealaithe tráchtála.

Sa 19ú céad tháinig cógais phaiteanta a rinneadh sna Stáit Aontaithe féin i gceannas ar an margadh ansin. Inniu ciallaíonn an téarma drugaí dílsithe a bhíonn ar fáil gan oideas dochtúra, ach faoi rialúcháin Bhord Leigheasra na hÉireann (an Riarachán Bia is Drugaí sna Stáit Aontaithe).[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cógas paiteanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.

{