Is éard is córas oibriúcháin ann ná an bogearra bunúsach a ritheann ar ríomhaire, agus mar gheall air sin, an ceann is tábhachtaí. Ní mór do gach ríomhaire córas oibriúcháin a bheith air chun ríomhchláir eile a rith. Rialaíonn an córas oibriúcháin buntascanna ar nós ionchur ón méarchlár a aithint agus aschur a chur go dtí an scáileán.

Príomhsheirbhísí cuir in eagar

  • Comhéadan inúsáidte a chur ar fáil
  • Acmhainní a roinnt
  • Cumarsáid le forimeallaigh
  • Comhordú ar thascanna.
  • Bainistiú ar chuimhne.
  • Monatóireacht ar acmhainní agus slándáil.
  • Bainistiú ar chomhaid.
  • Comhordú ar chumarsáid líonra.

Cineálacha Córais Oibriúcháin cuir in eagar

  • Córas aontascáileach
  • Córas iltascáileach
    • Níos mó ná tasc amháin ag an am
    • Roinntear an t-am ar an bpróiseálaí a fhaigheann gach tasc
  • Córas ilúsáideorach
    • Níos mó ná úsáideoir amháin ag roinnt ríomhaire
  • Córas ilphróiseálach
    • Níos mó ná próiseálaí amháin ag roinnt tascanna agus/nó úsáideoirí

Samplaí cuir in eagar

Apple/Macintosh cuir in eagar

Córais Microsoft cuir in eagar

Córais bunaithe ar UNIX (bogearraí saor) cuir in eagar

Córais bunaithe ar UNIX (dílseacht) cuir in eagar

Córais Eile cuir in eagar