Cúcabarra sluasaidghobach

speiceas éin

Is cruidín crainn dúdhonn é an cúcabarra sluasaidghobach (Dacelo rex) atá thart ar 33cm (13 orlach) i bhfad agus a bhfuil gob trom gearr leathan air nach bhfuil a mhacasamhail le fáil ar aon chruidín eile. Tá ceann dorcha le stríoc ruadhonn taobh thiar dá súile agus tá clár éadain an éin níos éadroime le dath dearg air. Tosaíonn stríoc beag oráiste atá an-fheiceálach ag súile an éin agus críochnaíonn sé ag a chluasa. Tá a scornach bhán agus tá coiléar muinéil agus íochtar ruadhonn air. geadán gléghorm, imreasc donn, gob donn-dubh(is minic cuma dhonn a bheith ar an ghob iomlán de bharr cré) le mandabal níos éadroime agus cosa éadroma air.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCúcabarra sluasaidghobach
Dacelo rex Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22683202 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineAlcedinidae
GéineasDacelo
SpeiceasDacelo rex Cuir in eagar ar Wikidata
Sharpe, 1880
Cineál tacsanomaíochDacelo Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Dacelo rex Cuir in eagar ar Wikidata

Tá cuma an-chosúil le chéile ar an dá ghnéas ach is féidir brath ar dhath an eireabaill chun idirdhealú a dhéanamh orthu. Tá eireaball gorm dorcha ar an fhireannach agus ceann ruadhonn ar an bhaineannach. Tá cuma bhaineannach ar chlúmh an éin óig le cleití a bhfuil pátrún gainne orthu[1].

Rangú cuir in eagar

Is é an t-éaneolaí Briotanach Richard Bowdler a rinne an chéad chur síos ar an speiceas seo sa bhliain 1880 agus rangaigh sé sa ghéineas mhonaitíopach Clytoceyx inar fhan sé ina specieas aonarach go dtí an bhliain 2017 é[2]. Ceapadh gurb é an cúcabarra sluasaidghobach an t-aon ionadaí den ghéineas Clytoceyx sular léirigh staidéar filighiniteach móilíneach a foilsíodh in 2017 gur speiceas deirféar é leis an chúcabarra bhreac laistigh den ghéineas Dacelo[3]. D'athrangaigh an Chomhdháil Éaneolaíoch Idirnáisiúnta é sa ghéineas Dacelo in 2023 agus is comhchiallach é Clytoceyx de Dacelo ó shin i leith[4][5].

Tacsanomaíocht cuir in eagar

Is éan eindéimeach de bhunadh na Nua-Ghuine é an cúcabarra sluasaidghobach[6]. Ní aithnítear aon fhospeicis toisc go bhfuil na difríochtaí clúimh idir an dá chine imperator agus septentrionalis an-bheag. Faightear an t-éan seo i gcoillte cnoic de ghnáth ach tá taifid den éan seo ó leibhéal na mara suas go hairde 2400m (7850tr)[7]. Faigheann an cúcabarra sluasaidghobach a chuid bia i láib nó i dtalamh tais. Péist talún, seilidí, ciaróga, laghairteanna agus feithidí is mó atá i gceist le réim bia an éin seo. Tá sé neamhfheiceálach agus ní minic a fheictear é. Tá seans maith ann gur ainmhí leath-chlapsholais é an cúcabarra sluasaidghobach[1].

Caomhantas cuir in eagar

Éan forleathan ach neamhchoitianta is ea an cúcabarra sluasaidghobach atá le fáil i gcuid mhaith den Nua-Ghuine agus meastar an t-éan seo a bheith ina speiceas is lú imní dar le Liosta Dearg de Speicis faoi Bhagairt an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra toisc nach bhfuil aon shainbhagairt aithnithe[7].

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 P. F. Woodall (2020). "Shovel-billed Kookaburra (Dacelo rex), version 1.0" (as en). Birds of the World. doi:10.2173/bow.shbkoo1.01species_shared.bow.project_name. ISSN 2771-3105. 
  2. "The Annals and magazine of natural history; zoology, botany, and geology" (1880) ser.5:v.6=no.31-36 (1880). London: Taylor and Francis, Ltd. 
  3. Michael J. Andersen, Jenna M. McCullough, William M. Mauck, Brian Tilston Smith, Robert G. Moyle (2018-02). "A phylogeny of kingfishers reveals an Indomalayan origin and elevated rates of diversification on oceanic islands" (as en). Journal of Biogeography 45 (2): 269–281. doi:10.1111/jbi.13139. ISSN 0305-0270. 
  4. "Rollers, ground rollers, kingfishers – IOC World Bird List". www.worldbirdnames.org. Dáta rochtana: 03-02-2023.
  5. Michael J. Andersen, Jenna M. McCullough, William M. Mauck III, Brian Tilston Smith, Robert G. Moyle (2017). "A phylogeny of kingfishers reveals an Indomalayan origin and elevated rates of diversification on oceanic islands." (45(2)). Journal of Biogeography. doi:10.1111/jbi.13139. 
  6. Bruce M. Beehler, Thane K. Pratt (2016-03-29). "Birds of New Guinea: Distribution, Taxonomy, and Systematics" (as en). Princeton University Press. 
  7. 7.0 7.1 BirdLife International; IUCN Red List of Threatened Species (2016). "Clytoceyx rex". doi:10.2305/IUCN.UK.2016-3.RLTS.T22683202A92978611. Dáta rochtana: 11-11-2021.