Is éard is cúltarraingt[1] ann ná fórsa a chuireann bac ar ghluaiseacht réada trí shreabhán. Tarlaíonn sí de bharr frithchuimilte idir an réad is an sreabhán ag sreabhadh thar dhromchla an réada (cúltarraingt shlaodach nó fhrithchuimilteach) agus na difríochtaí brú de bharr an tsreafa mórthimpeall an réada (cúltarraingt foirme nó phróifíle). Tugtar friotaíocht aeir ar an gcúltarraingt ar réad i sruth aeir.[2]

Cúltarraingt

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cúltarraingt” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-13.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cúltarraingt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 194.