An Bhánóg
Béarla: Banogue
Bunaithe: 1948
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear B
Iomáint: -
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Ros an Teampaill, An Bhánóg, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Bhánóg.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste tuaithe Na Bánóige ar bhruach Abhann na Máighe in nDeisceart Chontae Luimnigh idir Cromadh agus Brú Rí, 26km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó na cheantracha tuaithe pharóiste Na Bánóige ar nós Ros an Teampaill, An Bhánóg agus Aithnid agus ó shráidbhaile An tÁth Leacach agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Dromainn, Drom an Chomair agus Ráth Chanann i bparóiste An Dromainn/ An tÁth Leacach.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear ach an pheil amháin sa chlub agus tá sé nasctha leis An Dromainn/An tÁth Leacach i gcomhair na hiomána.

Stair cuir in eagar

Bhí an iomáint beo fós i bparóiste Na Bánóige nuair a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus tá tagairtí ann faoi fhoireann ón áit a d’imir i gcomórtaisí faoin ainm Baile an Choillín idir blianta na 1890í agus na 1900í agus d’imir foireann eile faoin ainm Garrán na Sílíní sna blianta roimh an gCéad Cogadh Domhanda. Ach níor chláraíodh aon chlub go hoifigiúil faoi na hainmneacha sin agus níl aon trácht orthu ó bhliana na 1910í i leith.

Sular bhunaíodh An Bhánóg féin sa bhliain 1950, d’imir iománaithe agus peileadóirí an pharóiste leis na clubanna in aice leo ar nós Cromadh, an dara club iomána ba láidre sa chontae le linn blianta na 1930í agus na 1940í, Baile an Gharrdha, a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1911, Greanach agus Brú Rí.

Sé bhliain ina dhiaidh sin, tháinig an chéad chorn chuig an gclub nua nuair a bhuadar ar Cúil Cheapach/Ardach tar éis achomhairc i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Iarthair. I ndiaidh dóibh aistriú chuig Bórd an Deiscirt sa bhliain dár gcionn, bhuadar Craobh Iomána Sóisear na roinne sin sa bhliain 1962 agus arís sa bhliain 1972.

Ba é sin buaichphoínte iomána Na Bánóige. Toisc gur pharóiste beag gan baile nó sráidbhile é An Bhánóg, laghdaigh an daonra le linn blianta na 1970í agus na 1980í. Ba dheacair don chlub a dhóthain imreoirí a chur ar an bpáirc agus bhí orthu teacht le chéile leis An Dromainn/An tÁth Leacach agus éirí as an iomáint ar fad sa bhliain 1993. Cé ná raibh traidisiún láidir ag an spórt sa chlub, ní raibh ach an pheil amháin fágtha acu. Buadh orthu i roinnt cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Deiscirt sular tháinig an chéad teideal peile chucu sa bhliain 2007. Agus tháinig an chéad chorn an chontae chuig an bparóiste sa bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar Chill Chuarnáin i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Na Bánóige suite i Ros an Teampaill, 2km soir ó Chrosbhóthar na Bánóige. Imríonn siad ar pháirc An Dromainn/An tÁth Leacach, atá suite i sráidbhaile An tÁth Leacach, ar ócáid.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla Na Bánóige, tá Proinsias Ó Coisdealbha (Frankie Costello) agus Aindrias Ó Donnuartaigh (Andy Dunworth) a bhí ar fhoireann iomána sinsir Luimnigh le linn blianta na 1960í.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).