Brainse de na fórsaí armtha a bhíonn i mbun cogaíochta is cosaint loingis ar an bhfarraige is ea cabhlach cogaidh.

Cabhlach cogaidh

Tábhachtach leis na cianta. Mar shampla,

an bua cinniúnach a bhí ag na Gréagaigh i 480 RC a chloígh ionradh na bPeirseach, ba i gcath muirí é sin.

Sa 10ú céad bhí cabhlach 50,000 fear le longa armtha cogaidh ag impireacht na Síne.

1905: Sa Chogadh Rúis-Seapánach fuair an cabhlach Seapánach an bua ar an gcabhlach Rúiseach i gCath Tsushima (íomhá le Nakamura Fusetsu)

Ról an-mhór ag cabhlaigh sna cogaí domhanda le fomhuireáin, iompróirí aerárthach is soithigh dhébheathacha, chomh maith le longa éagsúla cogaidh.

Ó lár an 20ú céad tá dualgais breise ar chabhlaigh maidir le cosc núicléach, fomhuireáin chun diúracáin bhailistíocha a lainseáil, agus fomhuireáin núicléacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cabhlach cogaidh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.