Dúil thearc leis an uimhir adamhach 55 is é an caeisiam (ná Cs). Miotal alcaileach airgeadbhán bog é, agus an-radaighníomhach. Ní fhaightear saor sa nádúr é, ach faightear clóiríd chaeisiam i mionchodanna[1].

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCaeisiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Caeisiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCs
Uimhir adamhach55
Mais adamhach132.90545196
Cumraíocht leictreon[Xe] 6s¹
Peiriad, Grúpagrúpa 1
peiread 6
miotail alcaile
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht0.79
Ga ianach1.67, 1.74, 1.81 agus 1.88
Stair
AimsitheoirRobert Wilhelm Bunsen agus Gustav Robert Kirchhoff
Fionnachtain1860
Eapainmspéirghorm

Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil le hocsaigin an aeir.

Tá imoibriú an chaeisiam leis an uisce, arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.

Caesium-3, 1 gram

Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadh iseatóp radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidh thubaiste Shearnóbail.

Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná 133Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil 134Cs ar ceann de na núiclídí is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.

Cs2 - B12H12

Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focal Laidine é caesius a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".

Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)