Cair Chaladain

áit lonnaithe in Albain

Is baile suite i bhFìobha, in Albain, é Cair Chaladain (Béarla: Kirkcaldy).[1] Tá sé suite ar chósta thoir na hAlban. Lang Toun an leasainm atá air ón mbealach a shníonn príomhshráid an bhaile tríd ar feadh 4 mhíle slí. Tá 49,460 duine ina gcónaí ar an mbaile agus 120,000 ina mhórcheantar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCair Chaladain

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 56°06′39″N 3°10′03″W / 56.1107°N 3.1674°W / 56.1107; -3.1674
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainFìobha Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán48,108 (2001) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,672.67 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla18 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistKY1 agus KY2 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód01592 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair agus eacnamaíocht cuir in eagar

Luadh Cair Chaladain den chéad uair i dtéacs ón 11ú haois. D'fhás an baile mar ionad trádála sna 1600idí mar gheall ar a shuíomh ar an gcósta. Saothraíodh réchúrsaí áitiúla mar shalann agus ghual. Thairgítí tairní ann. Sa 19ú haois d'éirigh tionsclaíocht an línéadaigh tábhachtach agus sa 20ú haois bhí tábhacht le tairgeadh na lionóla. Mhair sin go dtí na 1960idí.

Lárionad glaonna de chuid PayWizard an fostóir is mó. San eacnamaíocht ghinearálta, tá a lán de na seirbhísí sa chuid sin d'Albain lárnaithe i gCair Chaladain.

 
Sailors' Walk (siúlán na mairnéalach) i gCair Chaladain

Daoine mór le rá cuir in eagar

Rugadh Adam Smith, fealsamh sóisialta agus eacnamaí, i gCair Chaladain.[2] Scríobh Adams The Wealth of Nations ag teach a mháthar, 220 High Street, sna blianta 1765–1767.[3] B'as Cair Chaladain Robert Adam, ailtire agus dearthóir, chomh maith le William Adam, ailtire agus athair do Robert.[4] Rugadh Sandford Fleming, bunaitheoir an Ama Chaighdeánaigh, sa bhaile freisin.[5] Rugadh John McDouall Stuart, a thug sé shluaíocht isteach san Astráil leis an mhór-roinn sin a thaiscéaladh, rugadh é in an Dìseart, lámh leis an mbaile.[6]

 
Busta Adam Smith in Amharclann Adam Smith, amharclann an bhaile

Chuir tuismitheoirí Gordon Brown, iar phríomh-aire na Breataine, fúthu sa bhaile nuair a bhí Gordon 3 bliana d'aois. Feisire Parlaiminte in Westminster do Chair Chaladain atá ann anois.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.
  2. Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 67.
  3. Torrie and Coleman 1995, lch. 29.
  4. Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 60.
  5. Kirkcaldy Civic Society 2005, lch. 62.
  6. Kirkcaldy Civic Society 2005, lgh.70–71.

Naisc sheachtracha cuir in eagar