Caitlín Ní Thoirbheird

timire Chonradh na Gaeilge

Gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge agus múinteoir Gaeilge ab ea Caitlín Ní Thoirbheird (5 Bealtaine 1891 – 24 Iúil 1969).

Infotaula de personaCaitlín Ní Thoirbheird
Beathaisnéis
Breith5 Bealtaine 1891
Mainistir na Búille, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Iúil 1969
78 bliana d'aois
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh Ní Thoirbheird i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, sa bhliain 1891. Ba iad James Turbitt, déantóir cóitsí, agus Mary Gahan a tuismitheoirí. Bhí sí ar dhuine de sheachtar leanaí a d'fhan beo. Thugadh an teaghlach Cassie uirthi agus ba í féin agus a deirfiúr Áine amháin a labhair Gaeilge. D’oibrigh Ní Thoirbheird mar mhúinteoir taistil sa Lorgain, i Móinteach Mílic, agus sa cheantar máguaird sa bhliain 1915.[1][2][3][4]

D’oibrigh Ní Thoirbheird do Chonradh na Gaeilge. Ceapadh í ina heagraí cúnta i Ros Comáin i 1918 agus ansin ina rúnaí contae i 1920. Ceapadh í freisin ina múinteoir taistil do Chomhairle Contae Ros Comáin ó 1923, ach lean sí ag obair do Chonradh na Gaeilge. Bhí sí fostaithe go lánaimseartha mar mhúinteoir Gaeilge ag Coiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin. Chuaigh Ní Thoirbheird ar scor ar 30 Meitheamh 1957. Fuair sí bás i 1969, agus cuireadh i Reilig Assylin í.[1][3][4][5]

Tagairtí cuir in eagar