Is plandaí díofa iad na Calamites. Bhí na plandaí seo chomh mór le crann (suas le 30 m ar airde)[1]. Aimsitear na stoic tholla agus cuislí ingearacha orthu, agus siúntaí cothrománacha áit a mbiodh na craobhacha ag fás.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCalamites Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmePolypodiopsida
OrdEquisetales
FineCalamitaceae
GéineasCalamites Cuir in eagar ar Wikidata
Brongn., 1828
Ollsoil Corunna

Tréimhse cuir in eagar

An tréimhse Charbónmhar íochtair (cisil ghuail) san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Tréithe cuir in eagar

  • Tá na heireabaill chapaill le fáil ón Déavónach i leith, ach Equisetum an Iae inniu an-bheag le hais cineálacha fadó.
  • Gas neamhadhmadach orthu; laion iontu ina ionad sin.
  • Buairciní spórtháirgeacha orthu le haghaidh síolrú.

Gaolmhara cuir in eagar

Ar fhíanaise gas, duilleog agus fréamhacha bhi go leor cineálacha d'eireabaill chapaill ann sa tréimhse Charbónmhar.

Is éard atá in Annularia ná rianta róiséadacha duilleog ó Calamites nó ó ghaol gairid éigin dá gcuid.

Orthu sin bhí Asterophyllites, planda a bhí cosúil le hAnnularia ach gan é ach tuairim is trian dá mhéid.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gee, Henry, Iontaisí (An Gúm 1996)