Caminito del Rey
Siúlóid agus via ferrata sna cnoic ó thuaidh de chathair Málaga, i ndeisceart na Spáinne, is ea Caminito del Rey. Tá radharcanna iontacha le feiceáil ann.
Caminito del Rey | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Spáinn | |||
Comhphobal féinrialaitheach na Spáinne | An Andalúis | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 1905 |
Tá an turas ar fad forbartha agus daingnithe agus tá slabhraí miotail ag dul an bealach ar fad ar thaobh amháin agus balla breá láidir ar an taobh eile. Téann treoraí oifigiúil ón bPáirc an bealach ar fad le gach aon ghrúpa.
Tarraingíonn na sluaite anois ar an ‘Caminito’ gach lá agus gach duine acu ag déanamh iontais den mhéid a bhain innealtóirí agus oibrithe cloiche amach sa gcéad seo caite.[1]
Tógáil cuir in eagar
Thosaigh an tógáil sa bhliain 1901. Tá abhainn agus loch ann agus an-úsáid a baineadh astu chun córas hidrileictreach a chur ar bun don cheantar. Ní chuimhneodh aon duine ar scéim mhór hidrileictreach a thógáil ansin anois, chomh gann is atá an t-uisce anois sa chuid seo den Spáinn.[1]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (26 Eanáir 2024). "Tá níos mó ná fadhb amháin ag teacht chun cinn de dheasca scéal na haimsire sa Spáinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-28.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |