Chreidtí go raibh canálacha le feiscint ar Mhars. Bhí na daoine riamh faoi dhraíocht ag Mars, go háirithe nuair a tosaíodh ag creidiúint go raibh neacha beo, fiú neacha daonchosúla, ar fáil ar an bpláinéad. Sa bhliain 1877, shíl Giovanni Schiaparelli go raibh sé tar éis línte fíneáilte a thabhairt faoi deara ar dhroim Mharsa, línte ar bhaist sé canali orthu san alt ina ndearna sé an chéad trácht orthu. An focal Iodáilise a d'úsáid Schiaparelli, ciallaíonn sé idir chanáil dhaondéanta agus caolas nó abhainn nádúrtha, ach nuair a tháinig an t-alt i gcló sna teangacha eile, is é an ciallú a ba rogha leis na haistritheoirí gur canálacha saorga a bhí ann. Spreag an smaoineamh seo fantaisíocht na ndaoine, idir shaineolaí agus thuata, thar fóir ar fad. D'oibrigh Percival Lowell amach mapa de Mhars a bhí breac le mionchanálacha. Bhí Schiaparelli féin den bharúil nach raibh sa chuid ba mhó de chanálacha Lowell ach iomrall súl nó fantaisíocht.

Léarscáil Mharsa, Giovanni Schiaparelli (1888)

Na scríbhneoirí ficsin eolaíochta a scríobhadh scéalta faoi Mhars mar a samhlaíodh dóibh féin é, thug siad an-taitneamh do na canálacha. Is iomaí duine acu a bhain úsáid as móitíf na sibhialtachta seanársa a bhí go díreach ag fáil bháis de cheal uisce, agus í ag roinnt an bheagáin ar bhealach chomh cliste le córas casta de chanálacha. Is féidir an mhóitíf seo a aithint ag scríbhneoirí chomh difriúil le chéile le H.G.Wells agus Edgar Rice Burroughs.

Mar sin féin, ní raibh sna canálacha, nó an chuid ba mhó acu, ach iomrall súl. Cuid de na saineolaithe a rinne a staidéar ar Mhars nuair a bhí na canálacha faisiúnta, shíl siad go raibh an dúrud acu ann; an chuid eile, b'ar éigean a chonaic siad oiread is aon chanáil amháin. Mar sin, bhí sé ina ábhar conspóide thar na blianta fada an raibh siad ann ar aon nós.

Sa bhliain 1972, shocraigh an spástaiscéalaí Mariner 9 an scéal. Ní raibh na canálacha ann, ná aon rian eile i ndiaidh ardsibhialtachtaí teicneolaíocha. Má bhí beatha ar bith ar Mhars riamh, beatha thar a bheith simplí a bhí ann, ar aon leibhéal leis na miocrorgánaigh, na víreasanna nó na baictéirí.