Is é candamghiotán an bhuneilimint eolais i ríomhaireacht chandamach.[1] I ngnáthríomhaireacht is é an giotán an bhuneilimint eolais, le luach 0 nó 1. I ríomhaireacht chandamach códaítear an t-eolas in dhá staid freisin, ach sa chóras candamach ní bhíonn an t-eolas teorannaithe do staid amháin nó an staid eile: is féidir leis a bheith sa dá staid ag an am céanna. Is é a bhíonn i gcandamghiotán ná forshuíomh dhá staid chandamacha, staid 0 is staid 1. Nuair a léitear candamghiotán, léitear dóchúlacht áirithe go bhfaighfear staid 0 is dóchúlacht áirithe eile go bhfaighfear staid 1, agus milltear carachtar speisialta an changhiotáin sa phróiseas.[2]

Bosca Sonraí AonadCandamghiotán

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálunit of information (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad dequantum information (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmGiotán Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “candamghiotán” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
  2. Hussey, Matt (2011). "Canghiotán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 113.