Cannabas (géineas)
Géineas de phlandaí bláthanna is ea an cannabas nó an chnáib a chuimsíonn trí speiceas toimhdean, Cannabis sativa,[1] Cannabis indica,[1] agus Cannabis ruderalia. Ullmhóid ón bplanda Cannabis sativa atá ann, a úsáidtear go forleathan mar dhruga caithearnh aimsire, mar gheall ar a airíonna meidhréiseacha scaoilteacha.[2] Is as an bplanda seo a fhaightear an raithneach a chaitear go forleathan timpeall na cruinne.
Cannabis | |
---|---|
Cannabis sativa | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | hemp oil (en) agus kief (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Cannabaceae |
Géineas | Cannabis L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Cannabis sativa |
Tugtar cnáib ar an bplanda freisin, agus faightear eastóscthaí uaidh mar "haisis" is mairiuana. Baineadh úsáid as cannabas, le fada, le haghaidh snáithín (cnáib), chun críocha leighis, agus mar dhruga áineasa.
Tréithe cuir in eagar
Planda bliantúil a fhásann 2.5 m ar airde, na duilleoga le 5-7 maothán caol fiaclach spréite cosúil le méara, na bláthanna bídeacha glasa i gcrobhaingí foirceannta.
Na fireannaigh is na baineannaigh ar phlandaí difriúla. Dúchasach don Áise,
Foinse snáithíní rópa is síolta éan, chomh maith le roisín támhshuanach.
Tá na trí thacsón seo dúchasach san Áise Láir, agus san Áise Theas[3] ach fástar go forleathan i dtíortha eile é.
THC cuir in eagar
Is é teitrihidreacannabionól an comhábhar gníomhach ann. Is móilín shícighníomhach é THC a thugann 'na ribí' duit agus a bhaineann le marachuan.
Roghnaítear plandaí a tháirgeann a lán snáithíní agus teitrihidreacannaibionól nó THC, le haghaidhx táirgí thionsclaíoch.
Sintéisíodh an THC den chéad uair i 1967.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 "Cannabis sativa information from NPGS/GRIN".
- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ "Marijuana and the Cannabinoids", ElSohly (p.8)