Aon ábhar a chuireann tús le hailse is ea carcanaigin.[1] Tá an-chuid carcanaiginí ar eolas, ina measc caitheamh tobac, deatach tionsclaíoch, X-radaíocht, gámaradaíocht, radaíocht ultraivialait, agus an-chuid ábhair datha, mar shampla aispeist.

carcanaigin

Meastar go bhfuil an-chuid díobh sceite sa chomhshaol ag daoine le cúpla céad bliain. Mar shamplaí, tá fo-iarsmaí dóite guail is ola, caitheamh tobac, agus fiú ceimiceáin shaorga a chuirtear le bianna, atá ciontach a bheag nó a mhór i dtosú ailsí.

Is féidir leis na radaíochtaí inianaíocha go léir — gámaradaíocht, X-radaíocht, radaíocht ultraivialait — tús a chur le hailsí freisin ach duine nó ainmhí dáileog mór go leor a fháil. Ciallaíonn dáileog, a bheag nó a mhór, iolrú na déine leis an bhfad ama a lonraíonn an radaíocht an ball den cholainn.

Tagann radaíocht ultraivialait chugainn ón nGrian, agus tugann an ciseal ózóin oiread cosanta dúinn uaithi. Ní thosaíonn an ailse díreach i ndiaidh na dáileoige ach bíonn moill eatarthu i gcónaí, suas leis na blianta.

Sa bhliain 2023, thug staidéar de chuid Imperial College London rabhadh go bhféadfadh gnáth-bhianna próiseáilte (mar shampla, arán, gránach, liamhás, brioscáin, uachtar reoite srl) an baol ailse a mhéadú.[2][3][4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): carcanaigin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Carcainigin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 117.
  3. "Rabhadh ailse nua faoi ‘sliced pan’ agus ‘ice cream’" (en-GB) (2023-02-05). Dáta rochtana: 2023-02-07.
  4. Kiara Chang, Marc J. Gunter, Fernanda Rauber, Renata B. Levy, Inge Huybrechts, Nathalie Kliemann, Christopher Millett, Eszter P. Vamos (2023-01-31). "Ultra-processed food consumption, cancer risk and cancer mortality: a large-scale prospective analysis within the UK Biobank" (as English). eClinicalMedicine 0 (0). doi:10.1016/j.eclinm.2023.101840. ISSN 2589-5370.