Cath Aontroma
cuid de Éirí Amach 1798 in Éirinn
Dáta: 7 Meitheamh 1798
Áit: Aontroim Contae Aontroma, Éire
Toradh: Raigeadh na hÉireannaigh Aontaithe
Céilí comhraic
na hÉireannaigh Aontaithe Arm na Breataine
Ceannasaithe
Anraí Joy Mac Reachtain An Maor Daniel Sneddon, An Ginearál William Lumley
Slua
~4,000 ~200 - treisithe go dtí500 níos moille ar aghaidh.
Taismigh
~300 básaithe ~60 básaithe

Troideadh Cath Aontroma ar an 7 Meitheamh sa bhliain 1798, i gContae Aontroma, Cúige Uladh, inn le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe, idir trúpaí na Breataine agus reibiliúnacha faoi stiúir ag Anraí Joy Mac Reachtain. Bhuaigh fórsaí na Breataine an cath, nuair a bhí siad in ann ionsaí na reibiliúnach Éireannach ar bhaile Aontroma a dhiongbháil, tar éis baill athneartaithe teacht chucu, ach fuair an Tiarna Ó Néill, gobharnóir an chontae bás, tar éis é a bheith gonta le linn na troda.

Cúlra cuir in eagar

Spreag tús troda na nÉireannach Aontaithe i gCúige Laighean ar an 23 Bealtaine glaonna ar na na hÉireannaigh Aontaithe ó Thuaidh dul i mbun troda chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhí ag troid ó Dheas. Mar sin féin, bhí damáiste mór déanta ar an eagraíocht in Ulataibh de dheasca feachtais bhrúidiúlaigh ar son dí-armála na bliana roimhe sin, agus ní raibh a gceannaireachta nua chomh radacach agus ní raibh siad sásta troid a thionscain gan cúnamh na Fraince, cúnamh a bhí siad ag súil leis go laethúil.


Tar éis fanacht ar feadh dhá sheachtain agus an t-éirí amach faoi lán sheol ó dheas, chinn comhaltais na gcosmhuintir san eagraíocht in Aontroim ar roinnt cruinnithe, neamhspleách ar a gceannaireacht, a eagrú. Ba é an toradh ná gur toghadh Anraí Joy mar ghinearál aidiúnach agus gur ghlac siad an cinneadh dul i mbun troda láithreach. Go tapa in a dhiaidh sin, cheap Mac Reachtain, mar aon le James Hope, plean chun urphoist an rialtais i gcontae Aontroim a urghabháil agus ansin bheadh a bpríomh-ionsaí ar Bhaile Aontroma. Ansin, ag baint úsáide as airtléire urghafa i mBaile Aontroma, bhí ar na reibiliúnaithe, i gcomhar le reibiliúnaithe Chontae an Dúin, Béal Feirste a gabhadh. Bhí súil mhór ag Mac Reachtain go mbeadh go leor baill den mhílíste sásta dílseacht na corónach a thréigeadh agus dul isteach ar thaobh na reibiliúnach, toisc go raibh sé creidte go raibh mídhílseacht forleathan i measc na mílístí, a fianaíodh trí bhású ceathrar fear de Mhílíste Mhuineacháin, i gcion tréasa i mBéal Feirste i mí Bealtaine.