Cath Chnoc Fíodh na gCaor

Cath a troideadh ar Chnoc Fíodh na gCaor, cnoc íseal lámh le hInis Córthaidh, Contae Loch Garman, 1798 ar an 21 Meitheamh.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Chnoc Fíodh na gCaor
Éirí Amach 1798 in Éirinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta21 Meitheamh 1798
Comhordanáidí52°30′05″N 6°34′11″W / 52.5014°N 6.5697°W / 52.5014; -6.5697
ÁitLoch Garman
TírRíoghacht Éireann

Bhí Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe (nó Éirí Amach 1798) ag teacht chun deiridh agus tháinig Arm na Breataine faoi cheannas an Ghinearáil Gerard Lake suas go campa na nGael ar an gcnoc.

Muillean inniu

Bhí timpeall 20,000 saighdiúir faoina cheannas agus thimpeallaigh sé na Gaeil. Bhí mná agus páistí i measc an 20,000 Gael ar an gcnoc.

Rinneadh ionsaí ar an gCnoc i mbáisteach throm le gunnaí móra ar feadh cúpla uair an chloig. Ní raibh ach pící ag go leor de na Gaeil, agus buaileadh iad gan stró.

Theith formhór na meirleach ach rinneadh slad orthu siúd a bhí leonta agus ar mhná agus leanaí.

Muileann ag an am

Rinneadh ár uafásach ar fud Chontae Loch Garman tar éis an chatha agus cuireadh ceannairí an Éirí Amach chun báis: Bagenal Harvey, Cornelius Grogan, Mathew Keogh agus Anthony Perry. Baineadh na cloigne díobh agus sádh ar phící iad lasmuigh de theach na cúirte i mbaile Loch Garman.

Gabhadh an tAthair Ó Murchú i gCeatharlach, baineadh a chuid éadaí de, tugadh lascadh dó, crochadh é agus dícheannadh é. Dódh a chorp i mbairille.

Cuimhneachán inniu

Cuireadh cuid mhaith díobh siúd a ghlac páirt san Éirí Amach go dtí an Astráil.

Cuimhneachán

Tagairtí cuir in eagar