Tá dhá chath ann a dtugtar cath Tannenberg orthu de ghnáth:

  • Cath Grunwald, nó an Chéad Chath ag Tannenberg. Sa chath seo, chloígh na Polannaigh agus na Liotuánaigh Ord na Ridirí Gearmánacha. Cuireadh ar an 15 Iúil 1410 é.
  • Cath Stębark, nó an Dara Cath ag Tannenberg. Sa chath seo, chloígh na Gearmánaigh faoi cheannas Paul von Hindenburg agus Erich Ludendorff trúpaí Impiriúla na Rúise. B'iad Pavel Rennenkampf agus Aleksandr Samsonov a bhí i gceannas ar na díormaí Rúiseacha. Thosaigh an cath seo ar an 17 Lúnasa 1914, agus bhí sé críochnaithe ar an 2 Meán Fómhair 1914. Ba chuid den Chéad Chogadh Domhanda é.

Cuireadh an dá chath in aice le Stębark (Gearmáinis: Tannenberg) sa Pholainn.