Is í Cathair Ho Chi Minh (nó Saigon mar a thugtaí uirthi roimh an mbliain 1975) an chathair is mó in Vítneam. Ní príomhchathair anois í ach is í an áit ghnóthaí is beoga sa tír í. Tá timpeall 5,387,100 duine ina gcónaí ann agus limistéar 2,095 km² aici.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCathair Ho Chi Minh
ក្រុងព្រៃនគរ (km) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmPéarla an Chianoirthir agus La perle de l'Extrême-Orient Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósHo Chi Minh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 10°46′32″N 106°42′07″E / 10.7756°N 106.7019°E / 10.7756; 106.7019
Stát ceannasachVítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Poblacht Vítneam (1955–1975) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán9,389,720 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,481.13 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deVítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,095.39 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Saigon agus Abhainn Bến Nghé Cuir in eagar ar Wikidata
Airde19 m-7 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síSaigon (en) Aistrigh agus Gia Định Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Nguyen Huu Chanh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1698
1955
1976
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist700000–769999 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód282, 283, 284, 285, 286, 287 agus 8 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2VN-SG Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinhochiminhcity.gov.vn Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Anuas go dtí an 17ú céad, nuair a bhain na Vítneamaigh den Chambóid í, ní raibh sa chathair ach sráidbhaile beag iascaireachta a dtugtaí Prey Nokor air i gCambóidis. Tar éis bhua na Vítneamach thosaigh an sráidbhaile ag dul i méid. Tar éis tamaill ba í an chathair ba thábhachtaí i ndeisceart Vítneam í agus tugadh Saigon uirthi. (Roimh theacht na Fraince sa 19ú haois thugtaí Gia Dinh嘉定 uirthi go hoifigiúil chomh maith.)

Cé gur ghabh Vítneam an réigiún úd in aice le habhainn Mekong fágadh a lán Cambódach ann, agus tá a sliocht le fáil i gCathair Ho Chi Minh agus sa cheantar máguaird i gcónaí: Khmer Krom.

 
Áras an Choiste Pobail i gCathair Ho Chi Minh

Sa bhliain 1957 rinneadh príomhchathair rialtas frith-Chumannach Vítneam Theas de Shaigon. Thosaigh an dara cogadh Inde-Síneach (cogadh cathartha), agus neart saighdiúirí Meiriceánacha sa chathair dá bharr chun cuidiú le rialtas an deiscirt. Ba dhian an comhrac a bhíodh ar siúl timpeall na cathrach. Nuair a rug fórsaí Vítneam Thuaidh an chraobh leo sa bhliain 1975 thug an rialtas nua Cumannach "Cathair Ho Chi Minh" ar "Shaigon" le hómós don cheannaire Cummanach Ho Chi Minh.