Cathal Brugha

réabhlóidí agus polaiteoir Éireannach

Réabhlóidí Éireannach agus polaiteoir as Baile Átha Cliath ab ea Cathal Brugha (Charles William St John Burgess; 18 Iúil 1874 - 7 Iúil 1922), a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha.[1] Bhí sé ina Cheann Comhairle ar an gcéad chruinniú de Dháil Éireann agus ina Phríomh-Aire sealadach freisin go dtí gur toghadh de Valera.[2]

Infotaula de personaCathal Brugha

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Iúil 1874
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Iúil 1922
47 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Aire Cosanta
1 Aibreán 1919 – 9 Eanáir 1922
← Risteárd Ó MaolchathaRisteárd Ó Maolchatha →
Príomh-Aire na Dála
22 Eanáir 1919 – 1 Aibreán 1919
← Pádraig Mac PiaraisÉamon de Valera →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: County Waterford (en) Aistrigh

Ceann Comhairle
21 Eanáir 1919 – 22 Eanáir 1919 – An Cunta Pluincéad →
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 7 Iúil 1922 (bás in oifig)

Toghcheantar: County Waterford (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Belvedere Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatalist of Irish Republican Army chiefs of staff (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileCaitlín Brugha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRuairí Brugha Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 5747274 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh i mBaile Átha Cliath do thuismitheoirí measctha é, bean Chaitliceach Éireannach agus fear Protastúnach Sasanach. Eisean an deichiú as ceathrar déag sa chlann. Chuaigh sé ar scoil ar Choláiste Belvedere, ach bhí air an coláiste a fhágáil, toisc gur theip ar ghnó a athara. Fuair sé post níos déanaí mar chléireach i gcomhlacht a bhí ag soláthar earraí eaglaise.

 
Sráid Cathal Brugha inniu

Sa bhliain 1899 chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, agus sa bhliain 1913, bronnadh céim leifteanant air in Óglaigh na hÉireann. I rith Éirí Amach na Cásca, bhí sé ina leas-cheannasaí ar an aonad a bhí faoin gCeannfort Éamonn Ceannt. Gortaíodh go tromchúiseach é i rith na troda, nó ghoin pléascán láimhe agus cith piléar é. Bhí sé chomh dona sin is gur ceapadh nach dtiocfadh sé as ar aon nós.

 
uaigh

An Chéad Dáil cuir in eagar

I nDeireadh Fómhair sa bhliain 1917, rinneadh Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann de, post a bhí aige go dtí Márta 1919. Sa bhliain 1918, vótáladh isteach i nDáil Éireann é, agus é ina Theachta Dála do dháilcheantar Phort Láirge. Rinneadh Aire Cosanta de sa rialtas nua. Toisc nach raibh Éamon de ValeraArt Ó Gríofa i láthair, bhí sé ina Phríomh-Aire ar Dháil Éireann ag chéad chruinniú na Dála an 21 Eanáir 1919.

Brugha agus Ó Coileáin cuir in eagar

Bhí an-chol aige le Mícheál Ó Coileáin. Bhí an Coileánach i gceannas ar an Rannóg Faisnéise in Óglaigh na hÉireann, ach bhí níos mó tionchair aige ar chúrsaí cosanta, toisc go raibh sé ina bhall tábhachtach i mBráithreachas na Poblachta.

Cheap an Brughach go raibh an Coileánach agus an Bráithreachas ag tolladh faoina údarás, agus go raibh an iomarca airde ag na meán chumarsáide ar an gCoileánach. Nuair a tháinig ceannasaithe na nÓglach le chéile i Mí Lúnasa sa bhliain 1920, bhí an Brughach ag áitiú ar na hÓglaigh nár chóir dóibh na saighdiúirí Gallda a ionsaí ón luíochán, mura mbeadh d'áiméar acu iad féin a ghéilleadh. Ach ní raibh lucht ceannais na mbriogáidí ar aon bharúil leis, nó dúirt siad nach raibh an chomhairle seo réadúil ná réasúnta.

Chomhairligh an Brughach freisin na Gaill a ionsaí i Sasana féin, ach níor thaitin an smaoineamh seo leis an gCoileánach.

Cogadh Cathartha na hÉireann cuir in eagar

Sa bhliain 1922, chaith sé a vóta i gcoinne an Chonartha, agus cuireadh Risteard Ó Maolchatha ina áit mar Aire Cosanta.

An 5 Iúil 1922, goineadh é tar éis ionsaí fhórsaí an tSaorstáit ar Óstán Hammam i Sráid Uí Chonaill. An t-urchar a bhuail é, ghearr sé artaire sa leis aige, agus b'é an cur fola ba thrúig bháis dó. D’éag sé an 7 Iúil in Ospidéal an Mater.[3] Bhí aon lá déag ag teastáil uaidh le hocht mbliana is dhá scór a shlánú.

Teaghlach cuir in eagar

 
Plaic chuimhneacháin.

Ba Theachta Dála de chuid Shinn Féin í a bhean Caitlín Brugha ó 1923 go 1927.

Bhí mac acu, Ruairí Brugha, a chuaigh leis an bpolaitíocht ina dhiaidh sin, agus é ina Theachta Dála, ina theachta i bParlaimint na hEorpa agus ina Sheanadóir d'Fhianna Fáil sna 1970idí agus sna 1980idí. Fuair Ruairí bás sa bhliain 2006.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "BRUGHA, Cathal (1874–1922)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-07-07.
  2. "Cathal Brugha: A very complex patriot" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-07-07.
  3. James Quinn. "Brugha, Cathal". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-06. Dáta rochtana: 2020.