Is é atá i gceist le ceamara digiteachceamara a thógann físeáingrianghraif socair go digiteach trí íomhánna a taifead le braiteoir íomhá leictreonach. Is féidir le an chuid is mó de ghnáth ceamaraí dlúthaigh taifead a dhéanamh ar torann agus físeáin a bhfuil ag gluaiseacht chomh maith Is féidir le ceamaraí digiteach rudaí a dhéanamh nach bhfuil na shean ceamaraí scannáin ábalta a dhéanamh:

  • Íomhá a thaispeáint ar scáileáin díreach tar éis an grianghraf a thógáil.
  • Na mílte grianghraf a stóráil ar méaróg chuimhne.
  • Is féidir na grianghraif a chuir in eagair ar an ceamara.
  • Is féidir físeáin le fuaim a ghlacadh.
Ceamara digiteach, an Canon PowerShot A95

Go bunúsach oibríonn siad ar an prionsabail céanna, sé sin go ghlacann an lionsa le scairt athraitheach chun solais a dhíriú ar ghléas a ghlacann íomhánna. Déanann an teaglaim idir an scairt agus an meicníocht comhla an méid ceart solais ligint ar an ghléas a ghlacann íomhánna, mar an gcéanna leis an ceamara scáileáin an t-aon difríocht ná go mbíonn an ghléas an ghlacann íomhánna sa ceamara digiteach, digiteach, in ionad ceimiceach sa ceamara scáileáin.

Tá ceamaraí digiteacha ionchorpraithe in a lán ghléasanna leictreonacha a n-úsáidimis sa lá atá inniu ann, ag réimsiú ó ríomhairí so-ghluaiste agus fóin pócaí go dtí an Teileascóp Hubble agus ghléasanna eile réalteolaíochta.