Gnáthcheamara i gcumhdach frithbhrú chun gur féidir é a úsáid ag doimhneacht fhiúntach faoin uisce. Bíonn rialaitheoirí seachtracha ceangailte le rialaitheoirí an cheamara len é a fheidhmiú. Féachann lionsa an cheamara amach trí fhuinneog mhaol, nó cruinneachán gloine nó plaistigh thrédhearcaigh. Déanann an fhuinneog mhaol díchumadh pioncáis ar an íomhá, agus méadaítear fad fócasach an lionsa faoi 1.33 de bharr comhéifeacht athraonta an uisce a bheith níos mó ná an luach in aer. Mar mhalairt air sin, is féidir ceamaracholainn shéalaithe a úsáid agus na lionsaí ar leith, oiriúnaithe le húsáid faoin uisce, is an eilimint thosaigh i dteagmháil leis an uisce.[1]

Ceamara uisce

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceamara uisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 124.