Ceann Chlochair

baile i gContae Lú

Is baile cósta é Ceann Chlochair[1] (Béarla: Clogherhead)[2] atá suite i gContae Lú. Ciallaíonn an t-ainm ‘ceann tíre creagach’.[2] Tá sé i mbailte fearainn Clochar agus Baile na gCailleach.[3] Is paróiste dlí é Clochar.[4] Is iad Tearmann Feichín agus Áth na gCasán an dá shráidbhaile is gaire do Cheann Chlochair.[3] Is é Droichead Átha an baile is gaire.[3] De réir dhaonáireamh 2016, is é daonra Ceann Chlochair ná 2,145.[5]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeann Chlochair
Ceann Chlochair (ga)
Clogherhead (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°47′30″N 6°14′20″W / 53.7917°N 6.2389°W / 53.7917; -6.2389
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Lú Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,145 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde41 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie132307

Stair cuir in eagar

Tá fothracha meánaoiseacha eaglais ar chnoc beag clochach i sráidbhaile Ceann Chlochair.[6] Deirtear gur tógadh an eaglais ar shuíomh mhainistir ón 6ú haois a bhunaigh Naomh Nectan, nia Naomh Pádraig.[6] San am atá caite, tugadh Clochar nó Cill Chlochair ar an sráidbhaile Ceann Chlochair.[6] Chiallaigh an t-ainm Cill Chlochair 'Eaglais na háite clochach'.[6]

Geilleagar cuir in eagar

Tá iascaireacht ar cheann de na príomhthionscail sa sráidbhaile.[3] D’fhorbair Ceann Chlochair ar dtús mar shráidbhaile beag iascaireachta.[7] Leanann cuan Ceann Chlochair, ar a dtugtar Port Oirialla (Béarla: Port Oriel)[8], ag feidhmiú go príomha mar chalafort iascaireachta.[7] Feabhsaíodh an cuan le déanaí, ag soláthar áiseanna do chabhlaigh mhóra iascaireachta agus do shlatiascairí farraige.[7]

Táirgtear salann sáile Oirialla i bPort Oirialla. Bunaíodh an comhlacht i 2010.[9] Úsáideann níos mó ná 250 bialanna, óstáin, cuideachtaí lónadóireachta agus comhlachtaí bia salann sáile Oirialla.[9] I 2016, fuair siad sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint.[9] Táirgtear Mianraí Mara Oirialla i bPort Oirialla freisin. Bunaíodh an comhlacht i 2012.[10] Fuair siad sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint i 2016 freisin.[11]

Is ceann scríbe turasóireachta é Ceann Chlochair.[12] Meallann féilte áitiúla ar nós ‘Seafood Rocks’ go leor cuairteoirí chuig an sráidbhaile.[7] Tá páirceanna carbhán i gCeann Chlochair freisin a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí.[7]

 
Trá Cheann Chlochair

Áiseanna cuir in eagar

Trá Cheann Chlochair cuir in eagar

 
Stáisiún bád tarrthála INRBT

Tá dhá thrá i gCeann Chlochair. Tá trá Cheann Chlochair suite sa sráidbhaile. Is trá bratach ghorm é a chiallaíonn go bhfuil cáilíocht uisce den scoth aige agus go gcoinníonn sé caighdeáin eile ar nós caighdeáin sábháilteachta.[13] Tá ionad eachtraíochta suite ar an trá a sholáthraíonn réimse gníomhaíochtaí bunaithe ar thalamh agus ar uisce cosúil le curachóireacht, cadhcáil, boghdóireacht, dreapadóireacht agus sórbáil.[14] Chomh maith le sin, tá stáisiún bád tarrthála INRBT suite ag an trá.[15] Seasann INRBT d'Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála. Tá sé ag feidhmiú i gCeann Chlochair ó shocraigh an INRBT stáisiún bád tarrthála a bhunú i 1899.[15] I 1993, scartáladh teach an bháid toisc go raibh sé róbheag agus tógadh ceann nua chun freastal ar mhéid an bháid tarrthála nua.[15] Bhí an bád tarrthála níos mó seo i bhfeidhm ó 1993 go dtí 2019.[16] I 2019, fuair stáisiún bád tarrthála INRBT bád tarrthála nua leis na teicneolaíochtaí is déanaí.[16] Is é an bád tarrthála seo an bád tarrthála gníomhach sa stáisiún anois.[15]

Trá Phort cuir in eagar

Tá an trá eile suite cúpla ciliméadar ó thuaidh ó Cheann Chlochair. Tugtar trá Phort air. Is trá bratach ghorm é freisin.[17] Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ar an dá thrá i rith míonna an tsamhraidh.[17]

An Ceann Tíre cuir in eagar

Is é ceann tíre Ceann Chlochair an t-aon cheann tíre ard carraigeach ar an gcósta thoir idir Sléibhte Mhúrna agus Binn Éadair i gContae Bhaile Átha Cliath.[18] Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta é an ceann tíre.[18] Tá sé liostaithe freisin mar limistéar sáráilleachta nádúrtha.[18] Tá roinnt cosán neamhfhoirmiúil thar an gceann tíre idir an sráidbhaile agus Port Oirialla.[18] Tugann siad seo deis duit siúl thar an gceann tíre.

Halla Pobail cuir in eagar

Tá halla pobail i gCeann Chlochair. Is í an foirgneamh seo an iarscoil náisiúnta a ndearnadh athchóiriú uirthi.[7] Éascaíonn an halla gníomhaíochtaí sóisialta éagsúla.[7] Is gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa halla faoi láthair ná biongó agus damhsa.[19]

Áiseanna eile cuir in eagar

Tá áiseanna agus seirbhísí eile i gCeann Chlochair freisin ar nós tithe tábhairne, bialann ghasta, siopa áise, ionad sláinte agus cógaslann.[7]

Spórt cuir in eagar

 
Dreadnots CLG
 
Eaglais Naomh Mícheál

Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cuir in eagar

Tá Dreadnots CLG suite díreach taobh amuigh de shráidbhaile Ceann Chlochair. Tá foireann peile na bhfear agus foireann peile na mban acu.[20] Tá foirne peile buachaillí agus cailíní faoi aois acu freisin.[20] Tugadh Naomh Mícheál orthu uair amháin ach fuair siad an t-ainm Dreadnots ina dhiaidh sin.[20] Bunaíodh an club i 1887.[20] Tá sé ar cheann de na clubanna is sine i gContae Lú.[20] I 1887, bhí siad ar cheann de cheithre fhoireann is fiche a chuir isteach ar chéad Chraobh Chontae Lú.[20] I 1978, atheagraíodh craobh an chontae agus cuireadh an club sa chraobh idirmheánach.[20] Ó shin i leith, tá ceithre chraobh idirmheánacha buaite acu.[21] Shroich siad an cluiche ceannais craobh sinsear i 2012 agus 2014 freisin.[22] Gach samhraidh tarlaíonn 'Cúl Camps' sa pháirc peil.[23]

Reiligiún cuir in eagar

Tá Eaglais Naomh Mícheál suite díreach taobh amuigh de shráidbhaile Ceann Chlochair. Tógadh an séipéal i 1853.[24] Tógadh Eaglais Naomh Mícheál ar an suíomh céanna le sean eaglais.[24] Tógadh é timpeall an tseanstruchtúir.[24] Tógadh an eaglais nua ag saoir chloiche áitiúla ag baint úsáide as cloch a cairéalaíodh ón gCeann ag cuan Ceann Chlochair.[24] Cuireadh an chloch ar bháid agus tugadh chun na trá í.[24] Ón áit sin, tharraing muintir na háite an chloch chuig an suíomh ag úsáid chapaill agus cairteacha.[24]

Oideachas cuir in eagar

Na Naíonraí cuir in eagar

Tá dhá naíonra i gCeann Chlochair.[25]Tá an bheirt acu lonnaithe i sráidbhaile Ceann Chlochair.[25]

An Bhunscoil cuir in eagar

Scoil Náisiúnta Baile na gCailleach is ainm don bhunscoil. Bunaíodh an chéad scoil in aice le heaglais Naomh Mícheál.[26] Chuaigh an scoil isteach sa chóras na scoileanna náisiúnta nua i 1832.[26] I 1897, d’aistrigh 75 dalta go foirgneamh nua.[26] Bhí ceithre sheomra san fhoirgneamh.[26] Bhí dhá scoil san fhoirgneamh, ceann do bhuachaillí agus ceann do chailíní.[26] Cónascadh an dá scoil i 1958.[26] Ba é seo foirgneamh na scoile ar feadh 91 bliana go dtí 1988.[26] I 1988, bhog baill fhoirne agus daltaí isteach i bhfoirgneamh scoile nua.[26] Seo an foirgneamh atá in úsáid inniu. Tá an scoil suite i lár an tsráidbhaile. Tá 319 dalta sa scoil faoi láthair.[27]

Taisteal cuir in eagar

Nascann bealach Bus Éireann 168 Droichead Átha, Ceann Chlochair agus Dún Dealgan.[28] Feidhmíonn an tseirbhís seo Luan go Domhnach.[28]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ceann Chlochair/Clogherhead | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 "Ceann Chlochair/Clogherhead" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-01.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Latitude.to. "GPS coordinates of Clogherhead, Ireland. Latitude: 53.8000 Longitude: -6.2333" (en). Latitude.to, maps, geolocated articles, latitude longitude coordinate conversion.. Dáta rochtana: 2020-12-01.[nasc briste go buan]
  4. "Louth civil parishes". www.johngrenham.com. Dáta rochtana: 2020-12-01.
  5. "Clogherhead (Louth, All Towns, Ireland) - Population Statistics, Charts, Map, Location, Weather and Web Information". www.citypopulation.de. Dáta rochtana: 2020-12-01.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 Ed Hannon-Visions of the Past (2016-09-03). "Mullagh Church, Louth, Ireland" (en-US). Visions Of The Past. Dáta rochtana: 2020-12-02.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 7.7 "Clogherhead". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-02. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  8. "Port Oirialla/Port Oriel" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  9. 9.0 9.1 9.2 "Oriel Sea Salt, 25% lower Sodium, Organic Approved. - Oriel Sea Salt". orielseasalt.com. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  10. "Oriel Sea Minerals Ltd - Irish Company Info - SoloCheck". www.solocheck.ie. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  11. "Protected Designations of Origin - Oriel Sea Minerals" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  12. "About Us – Ashling Park" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-04. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  13. David Lynch (09-06-2020). "Three Louth beaches claim Blue Flag status". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-26. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  14. "Celtic Adventures" (en). Visit Louth. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-24. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 "Station history | RNLI" (en). rnli.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-31. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  16. 16.0 16.1 "Clogherhead RNLI welcomes latest €2.5m Shannon class lifeboat to Louth station | RNLI" (en). rnli.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-04. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  17. 17.0 17.1 "Coasts & Beaches in Louth" (en). Visit Louth. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 "Coasts & Beaches in Louth" (en). Visit Louth. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  19. "Community Centre" (en). Clogherhead Village (2016-04-22). Dáta rochtana: 2020-12-04.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 20.5 20.6 "Club History". www.dreadnots.gaa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  21. "HoganStand GAA Football and Hurling". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  22. Joe Carroll (2014-09-29). "O’Connor helps St Pat’s over the line" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  23. "Season Closed - GAA Cúl Camps Summer 2020" (en). GAA Cúl Camps. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-27. Dáta rochtana: 2020-12-05.
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 24.4 24.5 "Archbishop to mark 150 years of St Michaels church" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-12-03.
  25. 25.0 25.1 Tusla.ie (2019-07). "Early Years Services". Dáta rochtana: 2020-12-04.
  26. 26.0 26.1 26.2 26.3 26.4 26.5 26.6 26.7 "About Us -" (en-US). Dáta rochtana: 2020-12-04.
  27. "Callystown National School, Louth on SchoolDays.ie". www.schooldays.ie. Dáta rochtana: 2020-12-04.
  28. 28.0 28.1 "Bus Éireann Timetable Route 168, Dundalk - Drogheda - Bus Éireann - View Ireland Bus and Coach Timetables & Buy Tickets". www.buseireann.ie. Dáta rochtana: 2020-12-06.