Is cearnóg ghairdín Sheoirseach i mBaile Átha Cliath í Cearnóg Mhuinseo (Béarla: Mountjoy Square). Tá sí suite ciliméadar nach mór taobh ó thuaidh den Life. Tá Cearnóg Mhuinseo ar cheann de na cúig chearnóg Sheoirseacha den chathair a tógadh go déanach san 18ú haois. Luke Gardiner, 1ú Vioscúnta Mhuinseo a phleanáil agus a d'fhorbair í. Cuireadh tús lena tógáil sna luath 1790idí agus críochnaíodh í sa bhliain 1818.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCearnóg Mhuinseo

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′24″N 6°15′27″W / 53.35661°N 6.2575°W / 53.35661; -6.2575
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Cearnóg Mhuinseo

Bhíodh tithe Seoirseacha déanta de bhrící dearga ar gach taobh di. Scriosadh cuid díobh ach cuireadh cuma Sheoirseach ar na tithe nua a tógadh ina n-áit.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Heagney, John (2006). "The Georgian Squares of Dublin". Four Courts Press.