Ceann d'fhadhbanna clasaiceacha na geoiméadrachta: cearnóg a tharraingt cothrom le fairsinge ciorcail, gan feidhm a bhaint ach as corr dhíreach is compás chuige. Cruthaíodh nach féidir an fhadhb a réiteach leis na huirlisí seo, agus aimsíodh cuid mhaith réiteach. Fuair na hÉigiptigh ceann go luath le cearnóg de thaobh (8/9) d, sa chás gurb é d trastomhas an chiorcail. Tugann sé seo (64/81) d2 d'fhairsinge na cearnóige, in ionad (π/4) d2, agus uaidh sin, π ≈ 3.160…. Úsáideadh "cearnú an chiorcal" mar mheafar barrúil do thasc dodhéanta chomh fada siar le hArastaifainéas ar a laghad, timpeall 400 RC.[1]

Cearnú an chiorcail

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cearnú an chiorcail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.