Tugann na hinnealtóirí leictreonacha ceo leictreonach ar an iliomad tonn nó astaíocht leictreamaighnéadach atá ag forleathadh tríd an aer mar chuid de theileachumarsáid na haoise seo. Cuireann an-chuid trealaimh — ríomhairí, scipéid chláraithe, teileafóin sho-iompartha, ionstraimí leictreonacha de gach sort — leis na tonnta, d'aon ghnó nó trí thaisme. Cuireann an truailliú nua comhshaoil seo isteach ar fheidhmiú éifeachtach an-chuid den trealamh céanna, agus uaireanta cuireann sé isteach go tubaisteach ar líonraí ríomhairí is córais teileachumarsáide. Ní mór trealamh a chosaint ar an gceo leictreonach seo, rud a dhéantar le cás Faraday, bosca seoltach talmhaithe timpeall ar an ionstraim. Laghdaíonn an bosca seo méid na hastaíochta leictreamaighnéadaí a éalaíonn ón ngléas féin amach don cheo, agus an méid cur isteach leictreonach a fhulaingíonn sé ón gceo freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceo leictreonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 129.