Nuair a bhí an tSeapáin scoite amach ón gcuid eile den Domhan sa 12ú-19ú céad, le linn an réimis fheodaigh ansin, d'fhorbair saghsanna traidisiúnta ceoil go mall. Is iad na príomhshaghsanna ná cantaireachtaí tionlactha do dheasghnátha reiligiúnda Búdacha is Siontócha; ceol traidisiúnta na cúirte, seinnte ag foirne gléasanna téide, gaoithe is cnagtha; agus ceol do dhrámaíocht Nó is Chabúicí. Bhí stór saibhir ceoil do ghléasanna ar leith, an cócó, an seamaisein is an seacúhaisí (fliúit bambú). Ó athréimniú na Méisí (1868) coimeádtar an ceol traidisiúnta mar cheol músaeim, agus popcheol is ceol clasaiceach an iarthair is coitianta anois.[1]

Samplaí de biwa, gléas téide i gceol na Seapáine

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceol na Seapáine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 130.