Charlotte Olivia Milligan Fox

cumadóir agus bailitheoir ceoil Éireannach

Cumadóir ceoil Éireannach, bailitheoir ceoil thraidisiúnta agus scríbhneoir ba ea Charlotte Olivia Milligan Fox (17 Márta 1864 – 25 Márta 1916).[1][2][3]

Infotaula de personaCharlotte Olivia Milligan Fox
Beathaisnéis
Breith17 Márta 1864
An Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Márta 1916
52 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Meitidisteach, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, bailitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínAlice Milligan

Beatha cuir in eagar

Rugadh Charlotte Milligan san Ómaigh i gContae Thír Eoghain ar an 17 Márta 1864 do Charlotte Burns (1842–1916) agus do Seaton F. Milligan (1837–1916), Meitidistigh.[4] Ba í an duine ba shine í de chlann aon duine dhéag, clann ar mhair naonúr díobh. Cláraíodh an naonúr sa Choláiste Meitidisteach i mBéal Feirste.

Rinne Charlotte staidéar ar an bpianó agus ar chumadóireacht i gColáiste Ríoga an Cheoil i Londain agus sna hardscoileanna ceoil in Frankfurt agus in Milano.[5]

In 1892,[6] chuir sí fúithi i Londain tar éis Charles Eliot Fox a phósadh. Bhunaigh sí Irish Folk Song Society in Londain in 1904 agus bhí sí ina rúnaí oinigh ar an gcumann. Rinne sí cuairt na hÉireann ag bailiú amhráin thraidisiúnta agus fonn, agus rinne sí fein agus a deirfiúracha Edith Wheeler agus Alice Milligan roinnt turas i gContae Aontroma ó 1909 go 1910. Thaifead siad agus thrascríobh amhráin agus d’fhoilsigh ailt agus scóir in The Journal of the Irish Folk Song Society.[7]

In 1910 thug Fox cuairt ar chósta oirthearach Mheiriceá, mar ar bunaíodh craobh den Irish Folk Song Society i Nua-Eabhrac. Léiríodh an dráma The Bardic Recital ar an 16 Márta san Amharclann Náisiúnta in Washington, agus ba í Fox a bhailigh agus a chóirigh an ceol.[8]

Ba í Fox a tháinig ar pháipéir Edward Bunting, agus de réir a huachta fágadh iad ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[9] Bhain sí tairbhe as na páipéir chun The Annals of the Irish Harpers (London, 1911) a scríobh, leabhar a mhúscail suim arís sa tseanchláirseach agus in Bunting.

Cumadóireacht cuir in eagar

Is iomaí amhrán a chum Fox, agus bhunaigh sí acu ar amhráin thraidisiúnta. Uaireanta sholáthair a deirfiúracha focail di. Chum sí scór ceolchoirme do The Last Feast of the Fianna, saothar le Alice Milligan.[10]

Irish Folk Song Society cuir in eagar

In 1904 bhunaigh Fox agus Alfred Perceval Graves an Irish Folk Song Society of London, cumann a fáisceadh as an Folk Song Society, a bunaíodh in 1898.[1] Bhí sé de chuspóir aige amhráin agus foinn as Éirinn a bhailiú agus a fhoilsiú, i dteannta léachtaí agus ceolchoirmeacha a reáchtáil. Ba í iris an chumainn Journal of the Irish Folk Song Society.

Comóradh cuir in eagar

Idir 2010 agus 2011 chuir an Ulster History Circle plaiceanna suas ar son daoine cáiliúla as Uladh. Tá plaic ag Charlotte Milligan Fox agus ag Alice Milligan ar Leabharlann Ómaí i gContae Thír Eoghain.[11]

Leabhar cuir in eagar

  • Annals of the Irish Harpers (London: Smith, Elder & Co., 1911)

Rogha píosaí cuir in eagar

Amhráin le pianó cuir in eagar

  • After Aughrim (G. Geoghegan) (London: Houghton & Co., 1898)
  • Bridget Brady (W. Boyle) (London: Chappell & Co., 1898)
  • My Prayer for You (E. Carbery) (London: J. B. Cramer & Co., 1898)
  • The Flower of the Flock (Francis A. Fahy) (London: Boosey & Co., 1899)
  • Erin's Lament (E. A. Gowing) (London: Weekes & Co., 1900)
  • Kelly's Cat (A. P. Graves) (Cincinnati, etc.: John Church Co., 1901)
  • That Lass of Donegal (A. C. Bunten) (London: J. B. Cramer & Co., 1901)
  • The Cavan Recruit. A Jacobite Ballad (A. P. Graves) (London: Boosey & Co., 1901)
  • The Ramblin' Irishman (E. Wheeler) (Cincinnati, etc.: J. Church Co., 1901)
  • By the Short Cut to the Rosses (Nora Hopper) (London: Boosey & Co., 1902)
  • Fairy Cobblers. Old Ulster Air (E. Wheeler) (London: Boosey & Co., 1902)
  • The Lonely Road (F. Largesse) (London: Boosey & Co., c.1902)
  • Ochanee. Ulster Folk Song (E. Wheeler) (London: Boosey & Co., 1903)
  • The Courtship (E. Wheeler) (London: Boosey & Co., 1903)
  • Spring's Ecstasy (C. M. Fox) (London: Boosey & Co., 1904)
  • Down there in the Meadow. Ulster Lilt (E. Wheeler) (London: J. Williams, 1905)
  • Pulse of my Heart. Old Gaelic Song (A. Milligan) (London: J. Williams, 1905)
  • Three Irish Airs (W. Boyle, A. P. Graves) (Boston: Oliver Ditson Co., 1905): "Down in the Broom"; "Katie Kerrigan"; "With my Rureem Ra".
  • Four Irish Songs (Edith Wheeler, Alice Milligan) (Dublin & London: Maunsel & Co., 1907)
  • Songs from "The Four Winds of Eirinn" (E. Carbery) (Dublin: M. H. Gill & Son, 1907)
  • Songs of the Irish Harpers (London & Glasgow: Bayley & Ferguson, 1910)
  • Four Irish Songs. From "Songs of the Irish Harpers" (New York: G. Schirmer, 1910): "My Thousand Times Beloved" (A. Milligan); "The Red-Haired Girl" (Alice C. Bunten); "The Foggy Dew" (E. Milligan); "Dear Dark Heart" (Samuel Ferguson).
  • Mary Bannan. Ballad of 98 (A. Milligan) (London: Vincent Music Co., 1912)
  • Three Irish Folk-Songs (A. Milligan) (New York & London: G. Schirmer, 1913): "Dusk of Autumn"; "Green Banks of the Suir"; "The Curse of Cromwell".
  • Two Old Irish War-time Ballads (A. P. Graves) (New York & London: G. Schirmer, 1915): "Mistress Magrath"; "Johnny, I hardly knew ye".

Ceol seomra cuir in eagar

  • Three Waterford Airs, for violin and piano (New York &, London: G. Schirmer, 1915): "Lilt: Brian the Brave"; "The Heathy Hill: Three Little Drummers"; "Bonnie Lassie, O: Beresford's Fancy".

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Dictionary of Irish Biography" (2009). Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. "Charlotte Milligan Fox (1864–1916)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Nollaig 2023. Dáta rochtana: 23 Feabhra 2024.
  3. "Charlotte Milligan Fox (1864–1916): Musician".
  4. Morris, Catherine (2013). "{{{title}}}". Dublin: Four Courts Press. 
  5. "Companion to Irish Traditional Music" (2011): 455. Cork University Press. 
  6. 1886, de réir chuntas Jennifer O'Connor, "Fox, Charlotte Milligan", in The Encyclopaedia of Music in Ireland, eag. Harry White agus Barra Boydell (Dublin: UCD Press, 2013), lch 406).
  7. Morris, Catherine (2013). "{{{title}}}". Dublin: Four Courts Press. 
  8. "{{{title}}}" (1910). Journal of the Irish Folk Song Society 9: 26. 
  9. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en).
  10. Morris, Catherine (2013). "{{{title}}}". Dublin: Four Courts Press. 
  11. "Ulster History Circle Annual Report 2010-2011" (en).

Naisc sheachtracha cuir in eagar