Is líne chabhrach é Childline, chun tacaíocht a thabhairt do pháistí suas le hocht mbliana déag d'aois.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaChildline
Sonraí
Cineáleagraíocht
carthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícarthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1986
Bunaitheoir(í)Esther Rantzen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Líon saorálaithe1,400 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán1,303,625 £ (2017) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinchildline.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Seirbhís sa Bhreatain cuir in eagar

Bhunaigh an craoltóir BBC, Esther Rantzen, an tseirbhís (0800 1111) sa Bhreatain sa bhliain 1986.[2] Is cuid den NSPCC (National Society for the Prevention of Cruelty to Children) í inniu.

Seirbhís in Éirinn cuir in eagar

Bhunaigh Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí Childline sa bhliain 1989 chun tacaíocht a thabhairt do pháistí in Éirinn (1800 666 666).[3] Sa bhliain 2020, fuair Childline thart ar ceithre chéad míle glaoch ó pháistí ar fud na tíre.[1]

Gaeilge cuir in eagar

Sa bhliain 2021, bhí sé ráite ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil. Dúirt Childline nach bhfuil polasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó aon teanga eile ach gurb é an Béarla an teanga a úsáidtear chun a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do pháistí. Tháinig an scéal seo chun cinn nuair a dúradh le hoibrí Childline gan Gaeilge a labhairt le páistí a úsáideann an tseirbhís tacaíochta, cé gur éirigh leis an oibrí céanna comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Tá thart ar fiche cúig míle páistí ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge, Londain (2021). "6 Samhain 2021 (Gaillimh) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-16.
  2. "Childline | Childline". www.childline.org.uk. Dáta rochtana: 2022-02-16.
  3. "Home" (en-GB). Childline. Dáta rochtana: 2022-02-16.