Christopher Nolan (scríbhneoir)

file agus údar Éireannach

Ba scríbhneoir, file agus péintéir Éireannach é Christopher Nolan (6 Meán Fómhair 1965 - 20 Feabhra 2009[1]). Bhain an Nuallánach ardcháil amach, ar an 19 Eanáir 1988, in aois 21 dó, nuair a bhronn an duais litríochta Whitbread ("Costa" inniu) ar Under the Eye of the Clock, cuimhní a hóige agus leabhar dírbheathaisnéiseach dá chuid. Bhuail sé amach na hiomaitheoirí eile ar an lá sin : Seamus Heaney, Ian McEwan, agus Richard Ellmann.

Infotaula de personaChristopher Nolan
Beathaisnéis
Breith6 Meán Fómhair 1965
An Muileann gCearr, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Feabhra 2009
43 bliana d'aois
Ospidéal Beaumont, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Tachtadh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Chuimsitheach Chnocán an Teampaill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Find a Grave: 34061966 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí pairilis cheirbreach air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.

Óige cuir in eagar

 
Coláiste na Tríonóide.

Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa Mhuileann gCearr, i gContae na hIarmhí, ach bhog sé go Baile Átha Cliath dá oideachas. Agus Nolan ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar Choláiste na Tríonóide.

 

Saol agus Saothar cuir in eagar

Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh Nolan in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'Aosdána i 1998.

Bhronn Cumann Scríbhneoirí na Náisiún Aontaithe Bonn Feabhais ar an Nuallánach.

Bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain 1991.

Bás cuir in eagar

Fuair an Nuallánach bás gan choinne tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar 20 Feabhra 2009, in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath. Sheas cnámh éisc ina scornach.

 
Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath

Leabhair cuir in eagar

  • Dam-Burst of Dreams - Dánta agus gearrscéalta (1981)
  • Under the Eye of the Clock - Dírbheathaisnéis (1987)
  • Torchlight and Lazer Beams - Leagan drámaíochta dá dhírbheathaisnéis, Under the Eye of the Clock (1988)
  • The Banyan Tree - Úrscéal (1999)

Tagairtí cuir in eagar