Fadhb mhatamaiticiúil nó tomhas, is é an Ciúb Rubik no Rubik's Cube.

Bosca Sonraí CluicheCiúb Rubik
Sampla decombination puzzle (en) Aistrigh
CruthaitheoirErnő Rubik
FoilsitheoirIdeal Toy Company (en) Aistrigh
Dáta a cruthaíodh19 Bealtaine 1974
Ainmnithe in ómósErnő Rubik
Gradam a fuarthasQ44505344 Aistrigh
Íoslíon imreoirí1
Líon uasta na n-imreoirí1
Tuilleadh eolais
Suíomh gréasáin oifigiúilrubiks.com Cuir in eagar ar Wikidata
'Speedcubing'
Luail láimhe

Stair cuir in eagar

Ailtire Ungárach darbh ainm Ernő Rubik a cheap an chéad cheann acu sa mbliain 1974. Tá an ciúb ainmnithe as a ceapadóir. Fuair Rubik an phaitinn air sa bhliain 1975 agus tosaíodh á tháirgeadh mar bhréagán sa bhliain chéanna. In imeacht bliana, bhí 200 milliún Rubik Cube ceannaithe ar fud an domhain.[1]

Bhí nuachtáin, irisí eolaíochta, leighis agus oideachais á mholadh go hard na spéire. Bhí ceann acu ar sheastán sa Museum of Modern Art i Nua-Eabhrac. Bhí cláracha teilifíse bunaithe air.

I samhradh na bliana 1982, tionóladh an chéad Chraobh an Domhain i mBúdaipeist. Ba chomhartha go raibh sé ag dul i léig nár eagraíodh aon Chraobh an Domhain ón gcéad cheann go dtáinig 2003.[1]

 

Cur síos cuir in eagar

Ciúb daite atá ann is é roinnte i 26 ciúb neamhiomlán (ciúbáin).[2] 6 cinn díobh seo, is láir iad is ní féidir leo ach rothlú san ionad céanna; 8 gceann díobh, is cúinní iad; an 12 ceann eile, is imill iad. Is féidir an 20 ciúbán deireanach seo a aistriú. déanta ar chaoi a cheadaíonn don té a bhfuil sé ina lámh na taobhanna a chasadh pé bealach is mian leis.[2] Ceathair nó cúig de chastaí agus tá brachán déanta d’ord agus d’eagar na ndathanna agus an dúshlán anois iad a chur ar ais mar a bhí – a thaobh beag deas néata arís ag an mbán, dearg, gorm, oráiste, uaine agus buí.[1]

Is féidir timpeall 4.3 × 1022 comhcheangal a bhaint amach, ach níl ach slí amháin chun dath amháin a chur ar gach taobh.

Bhí an-tóir ar an Ciúb i ndeireadh na 1970idí, agus tá an tomhas an-choitianta fós.

 
Ernő Rubik

Curiarrachtaí cuir in eagar

 

Is é Max Park, Meiriceánach. 'Usain Bolt' an Rubik Cube. Is ina sheilbh atá chuile churiarracht dhomhanda i gcúig cinn de na sé roinn atá sa gcomórtas. Lena leathlámh tá sé in ann an ciúb 3x3x3 a chur ar ais sa riocht ina raibh sé in imeacht 9.42 soicind.

Ag Astrálach darb ainm Feliks Zemdegs atá an t-aon churiarracht nach bhfuil ag Parks (3x3x3 leis an dá lámh). Beagán le ceithre shoicind a thóg sé air,[1]

An ciúb inniu cuir in eagar

Ó 2019 ar aghaidh, bhí cead ag comhlachtaí leaganacha nua den chiúb Rubix a cheapadh agus iad ar fad ag baint barr dá chéile ag iarraidh an ceann is mó a mbeadh tóir air a chur ar an margadh.[1]

inniu tá cinn phóca ar fáil, cinn atá níos mó, cinn a bhíonn níos téagartha ina lár ná a bhíonn ina mbun agus ina mbarr, cinn a mbíonn múnla dá chuid féin ar an bpíosa corr agus mar sin de.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Mártan Ó Ciardha (2019). "Tá clicití-cleaic an Rubik Cube ag éirí níos airde arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-12.
  2. 2.0 2.1 Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.