Ciaróg choirte an sprúis

Is lotnaid í ciaróg choirte an sprúis (Ips typographus).[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCiaróg choirte an sprúis
Ips typographus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Óstach
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdColeoptera
FineCurculionidae
GéineasIps
SpeiceasIps typographus Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airDermestes typographus Cuir in eagar ar Wikidata

In Éirinn tá eagla ann go ndéanfadh an chiaróg dochar do chrainnte sprúis go háirithe.[2] Go luath sa 21ú haois, bhí léirscrios déanta ag na feithidí ar limistéir foraoise ar fud na hEorpa.[3]

I mí na Nollag 2023 thug an Roinn Talmhaíochta le fios go raibh mianach amháin ciaróg neamhdhúchasach ar a laghad i ndeisceart Chontae an Chláir, an chiaróg phéine Monterey.[4][5] Ní fios cén chaoi a dtáinig an chiaróg seo, speiceas coimhthíoch ionrach b'fhéidir, an bealach uilig as Meicsiceo.

Sa bhliain 2024, bhí faitíos ollmhór in Éirinn ar lucht na gcrann roimh alpadh na ciaróige coirte.[6] Bhí moltaí curtha chun na Roinne Talmhaíochta go mb'fhéidir gur cheart an choirt a scríobadh de na crainnte atá á n-allmhairiú do thionscal an adhmaid, ar mhaithe le cothú agus gnáthóg a shéanadh ar aon chiaróg a thagann anall. Bhí srian curtha i bhfeidhm ag an Roinn, gan aon chrann a leagan ná a ghearradh i limistéir 10km² i ndeisceart an Chláir, gan fógra a bheith curtha agus cead a bheith faighte ón Roinn. Le Coillte an chuid is mó de na crainnte atá curtha i bhforaoisí sa gcontae ach tá riar acu freisin faoi úinéireacht phríobháideach.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Béarla: European spruce bark beetle
  2. "European spruce bark beetle" (as en) (2023-12-03). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-07). "Imní ar lucht foraoise i gCo an Chláir faoi chiaróg aduain" (as ga). 
  4. "Monterey pine engraver" i mBéarla
  5. "Invasive pine bark beetle discovered in Co Clare" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2024-05-08.
  6. Joe Mag Raollaigh (2024-04-19). "Calls for log import suspension over beetle concerns" (as en).