Réimse de theicneolaíocht an ríomhaire ina bhfeidhmíonn an t-úsáideoir i réaltacht fhíorúil nó shaorga atá tógtha go hiomlán as sonraí ríomhaire. I láthair na huaire caitheann an t-úsáideoir a bhíonn ag plé le cibearspás lámhainní ar leith, feistithe le braiteoirí is clogad b'fhéidir, a sholáthraíonn radharc, fuaim is b'fhéidir braistintí eile atá cruthaithe ag an ríomhaire dó. Is féidir, le cabhair na bhfeistí seo, imoibriú leis an réaltacht fhíorúil sin i gcibearspás trí bhíthin an ríomhaire. Den chuid is mó bíonn na taighdeoirí a phléann le cibearspás ag iarraidh íomhánna nua a chruthú leis an ríomhaire agus comharthaí a fháil ón nguth, lámhscríbhneoireacht, cur allais, gluaisní bhaill na colainne (na súile ina measc), agus eile chun iad a ionchur sa ríomhaire agus imoibrithe ilghnéitheacha nua a dhéanamh leis an ríomhaire seachas méarchláracha, lucha is na modhanna eile ionchuir atá in úsáid anois. Bunúsach do ríomhaireacht na gcluichí.[1]

Cibearspás

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cibearspás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 133.