Cill Orglan

Baile i gContae Chiarraí

Is baile i gContae Chiarraí í Cill Orglan.[1][2] Tá an baile suite i ndeisceart an chontae.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Orglan

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°06′23″N 9°47′06″W / 52.106505°N 9.785042°W / 52.106505; -9.785042
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Leamhain Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie23580

Stair cuir in eagar

1916 cuir in eagar

Tharla eachtra ar Aoine an Chéasta 1916, a deir go leor staraithe a bhí ar an gcéad tubaiste den Éirí Amach 1916. Báthadh triúr d'Óglaigh na hÉireann nuair a d'imigh a ngluaisteán den déanamh Briscoe de ché Bhaile Uí Chíosáin agus isteach in Abhainn na Leamhna in aice le Cill Orglan i gCo Chiarraí.[3]

Bhí an triúr, Con Keating, Donal Sheahan agus Charlie Monahan ar a mbealach go Cathair Saidhbhín le teagmháil raidió a dhéanamh le Ruairí Mac Easmainn agus an long Ghearmánach, an Aud, a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír don Éirí Amach.[3]

Fuarthas corp Donal Sheahan agus Con Keating dhá lá ina dhiaidh sin. Bhí corp Charlie Monahan ar iarraidh ach 6 mhí i ndiaidh don Aud dul go grinneall, tháinig cnámharlach gan cloigeann ná cosa i dtír ar bhruach na Leamhna. Bhí éadaí maithe ar an chnámharlach. Fuarthas dhá leathshabhrán óir agus dornán de nótaí fliucha airgid i bpóca - níos mó airgid tirm ná a bheadh ag an ngnáthdhuine ag an am. hAithníodh ar deireadh gur corp Charlie Monahan a bhí ann.[3]

B'as Cathair Saidhbhín do Con Keating, b'as Béal Feirste do Charlie Monahan agus b'as an gCaisleán Nua Thiar do Donal Sheahan. Tá an bheirt dheireanach sin curtha sa reilig i gCill Orglan agus tá Con Keating curtha i gCathair Saidhbhín.[3]

Íomhánna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cill Orglan/Killorglin | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Maps, Weather, and Airports for Killorglin, Ireland". www.fallingrain.com. Dáta rochtana: 2021-04-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2015-04-02). "Comóradh á dhéanamh ar Óglaigh 1916 i gCill Orglan" (as en).