Foirm priontála ina gcuirtear an íomhá atá le priontáil mar rilíf ar dhromchla miotail nó adhmaid agus a n-aistrítear í mar chló dúigh ar an mbun priontála, páipéar de ghnáth. Chun go mbeidh an cló inléite ó chlé go deas, ní mór go mbeidh an íomhá atá le priontáil iompaithe droim ar ais. Cruthaítear an íomhá seo as cló is bloic léirithe. Go luath sa 20ú céad saothraíodh na córais línechló is aonchló chun leagan amach an chló a uathoibriú, trí mhéarchláir a úsáid chun línte cló nó slugaí a theilgean (i línechló) nó carachtair aonaracha a eagrú i líne (in aonchló). I gcórais níos nua-aoisí, déantar plátaí plánacha nó cuaracha chun leathanach iomlán nó sraith leathanach a tháirgeadh. Faoi seo, áfach, tá liteagrafaíocht aischló curtha in ionad an chlóbhuailte beagnach go hiomlán.[1]

Clóbhualadh

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Clóbhualadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 144.