Cóip ghéiniteach d'orgánach ar leith a cruthaíodh trí atáirgeadh neamhghnéasach atá i gclón. Chuige seo spreagtar an núicléas i gcill shómatach as colainn an tuismitheora aonair chun é féin a dheighilt. De bhrí go bhfaigheann sé a ghéinte go léir mar oidhreacht ó thuismitheoir amháin, is ionann leis an tuismitheoir sin é ar bhonn géiniteach.

Clón
'Dolly the Sheep' sa National Museum of Scotland inniu

Is clónáil a dhéanann na plandeolaithe i nódú plandaí.

Trí chlónáil a atáirgeann baictéir, víris is orgánaigh aoncheallacha eile.

Biteicneolaíocht cuir in eagar

Sa bhith-theicneolaíocht nua-aoiseach is féidir siogóit a chlónáil, agus uaidh sin an-chuid ainmhithe ionanna feirme a tháirgeadh. Sa bhliain 1996, d’fhionn Ian Wilmut agus a chomhghleacaithe in Institiúid Ros Linne i nDún Éideann dóigh le caora a chlónáil. Rugadh an chéad chlón riamh as cill aosach (cill shómatach nó traschur núicléas cille sómaí), an chaora Dolly. ar 5 Iúil 1996.[1][2] Fógraíodh an t-éacht seo den chéad uair ar 22 Feabhra 1997. Rinneadh clónáil ar chaora, ubh tógtha ó chaora Dolly (ainmníodh as Dolly Parton í) agus caora úr a chothú uaithi, caora a bhí ar gach uile dóigh mar aon leis an mháthair.[3]

 
masc mairbh Dolly

Sa chás sin bhain siad an núicléas amach as cill shómatach[4] agus chuir isteach in ubhán neamhthoirchithe (ar baineadh a núicléas féin amach as roimhe sin) é. D'fhás an chill seo i saothrán, baineadh amach na cealla luatha iníne agus ionchlannaíodh iad i máithreacha óstacha.

DNA cuir in eagar

Úsáidtear an téarma clónáil móilíneach i dteicneolaíocht DNA athchuingrithe nuair a chuirtear píosa DNA eachtrannaigh isteach i gcrómasóm saorga baictéarach (plasmaid) agus a dheighleann an t-iomlán (rud a chlónaíonn an píosa DNA eachtrannaigh).

Eitic leighis cuir in eagar

Chuir Comhairle na hEorpa toirmeasc ar chlónáil daonna i 1998. Ach, in ainneoin an imní maidir le heitic na ceiste, tugadh ceadúnas d'Ollscoil Newcastle i Sasana i 2004 suthanna daonna a chlónáil.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Roslin Institute (2016). "The Life of Dolly | Why was Dolly so important?" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-11. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  2. Karen Weintraub. "20 Years after Dolly the Sheep Led the Way—Where Is Cloning Now?" (en). Scientific American. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  3. Blas (BBC Northern Ireland) Irish Language - (16 DF 2014). "Ar cheart feoil chlónáilte a ithe?". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  4. "Somatic cell nuclear transfer and Dolly the sheep | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-02-22.
  5. Hussey, Matt (2011). "Clón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 147.