Clais Mhór

baile i gContae Phort Láirge

Is sráidbhaile í Clais Mhór[1] (Clashmore i mBéarla) atá lonnaithe in Iarthar Chontae Phort Láirge, Éire. Suite ar an R671, tá an Chlais Mhór tuairim is cúig mhíle déag ó Dhún Garbhán agus ocht míle ó Eochaill i gContae Chorcaí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilClais Mhór

Suíomh
Map
 52°00′N 7°49′W / 52°N 7.82°W / 52; -7.82
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416757

Spóirt cuir in eagar

Tá stair fhada ag muintir peile agus iománaíochta na Claise Móire a théann siar go bunú an CLG. Imríonn an Chlais Mhór lena gcomharsan, Cionn tSáile Beag agus bhí rath ag an dá fhoireann roimh agus i ndiaidh a dteacht le chéile. Bunaíodh club peile i gCionn tSáile Beag sa bhliain 1885, bliain tar éis a cuireadh tús leis an gCumann Lúthchleas Gael. Laistigh de sé bliana, bhí Craobh Peile Phort Láirge buaite acu faoi dhó, sa bhliain 1886 agus arís i 1891. In iomlán, tá naoi gcraobh buaite ag foireann na Claise Móire/ Cionn tSáile Beag: 1886, 1891, 1903, 1904, 1905, 1906, 1907, 1920, 1925. I mbliana, tá an club ag imirt ar leibhéal sinsir arís sa pheil agus ar leibhéal idirmheánach san iománaíocht. Tá ocht tuilsoilse ag an bpáirc imeartha, a bhuí le deontas ón gCrannchur Náisiúnta.

Áiseanna cuir in eagar

Tá ceithre tigh tábhairne le fáil sa cheantar, The Decies Bar, The Rising Sun agus 'The Old Still' sa tsráidbhaile féin agus The Ole Mill, lonnaithe I mBaile an Phoill, cúpla nóiméad ón gClais Mhór. Chomh maith leis sin, tá trí siopa timpeall na háite. Athchóiríodh sean-shéipéal ag barr an tsráidbhaile agus anois tá ionad oidhreachta le fáil ina áit.

Tagairtí cuir in eagar