Planda seadánach bliantúil, laghdaithe go dtí gas scothdhearg cosúil le snáithe, ag iompar crobhaingí bláthanna bídeacha bána nó bándearga, is ea clamhán.[1] Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha. Táirgeann an síol ginidithe fréamh ghearrshaolach is gas féithleannach a chuardaíonn óstach. Nuair a dhéanann sé tadhall leis an óstach, meathann an fhréamh mar nach mbíonn gá le tadhall leis an ithir ansin. Táirgeann an gas diúláin a threánn an t-óstach chun uisce is cothaithigh a shú amach. Feidhmíonn cuid mhaith plandaí mar óstaigh, ina measc barrphlandaí cosúil le leannlus is lion. Is féidir go ndéanfaidh an seadán seo an-damáiste costasach do na barra seo.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoClamhán
Cuscuta Cuir in eagar ar Wikidata

Cuscuta europaea Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSolanales
FineConvolvulaceae
GéineasCuscuta Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochCuscuta europaea Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Cuscuta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Clamhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.