Ba chlann ársa agus cumhachtach í Clann Mhic Aoidh i dtuaisceart Ghaeltacht na hAlban, ach le fréamhacha i ndúiche Mhoireibh. Ba fhórsa láidir sa pholaitíocht i dtús an 14ú haois iad, ag tacú le Roibeard Brús. Bhí clú orthu i gcomhair a gcuid neart, misneach agus scileanna saighdiúireachta agus bhí siad páirteach i gcathanna síoraí in aghaidh Clann Keith, Clann Ross, Clann Gunn, Clann Sinclair, Clann Sutherland agus daoine eile, agus i gcogaí thar lear. Sna céadta bliain ina dhiaidh sin bhídís frith-Stíobhartach. D'imir siad ról tábhachtach míleata in Albain agus san Eoraip. Bhí toradh Fhuadach na nGael tromchúiseach orthu, ach ó shin i leith tá siad scaipthe fud fud an domhain.[1]

Mana: Manu Forti (Le lámh láidir)

Nótaí cuir in eagar

  1. History of the House and Clan of Mackay by Robert Makay (1829).