Rítheaghlach Rúiseach ba ea Clann Rurik.

Na Lochlannaigh sa Rúis cuir in eagar

Is é an scéal is túisce a chreidtear taobh amuigh den Rúis féin gurbh iad na Lochlannaigh ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha chomh tapa céanna á admháil, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil sna foinsí staire a thugann a leithéid sin le fios.

Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar Croinic Neastóir go minic, siúd is gurb é Povest' Vremennykh Let an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach raibh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne éigean ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dóibh: "Tá an tír seo againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Tagaigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóigh, bhí na hUigingigh chomh cairdiúil carthanach is gur tháinig siad ag rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go ndeachaigh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.

Clann Rurik cuir in eagar

Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rurik - Hrærekur in Íoslainnis an lae inniu, Rörek as Sualainnis - agus go ndeachaigh sé i gceannas ar an gcathair úd Novgorod. Faoin taca céanna - sa naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile Cív in Úcráin an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí Chathair Chonstaintín.

Chuir Rurik bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na Rurikovichy nó Clann Rurik. Fuair Rurik bás sa bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oleg (Helgi as Íoslainnis, Helge i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an bheirt taoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rurik, Igor (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnóthaí an taoisigh.

B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. Rus a thugann Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le Roslagen, ceantar i dtuaisceart na Sualainne. Thairis sin, tugtar Ruotsi ar thír na Sualainne i dteanga na Fionlainne, agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áirithe seo leis an dá cheann eile.