Saintréith na hinchinne daonna ina mbíonn an dá leath den inchinn oiriúnaithe d'fheidhmeanna difriúla, speisialtachtaí leathsféaracha. Sa chuid is mó de chiotóga is deasóga, bíonn an leathsféar clé oiriúnaithe d'fheidhmeanna teanga, labhairt, tuiscint, léamh is scríobh. Bíonn an leathsféar deas oiriúnaithe do bhrath patrún casta, idir radharcach (mar shampla, aghaidheanna) is tadhlach. De ghnáth feidhmíonnn an dá leathsféar as lámh a chéile, ag tarchur eolais sa dá threo eatarthu féin trí cheangail chasta san inchinn.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cliathánachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 143.